Míċeál Ó Loċlainn a dhíolaim ⁊ a dhein an tras-scríbhinn.
Céadfoilsithe: .
Comhrá
Chuir Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha Michael Mháire ’ Ghabha faoi agallamh ar Chomhrá i 2003.
Is an comhrá ag druidim chun deiridh, luaigh Máirtín an urnaí, á rá go mbíodh go leor, leor paidreacha ag Máire, máthair Mhichael. Dúirt Michael go raibh cúpla ceann aige féin agus dúirt se na trí cinn seo ’ leanas.
Paidir roimh dhul a chodladh (1)
Faoi bhrat na Maighdine Muire go raibh an teach seo agus a bhfuil ann go lá.
Deir Michael gurb í sin an phaidir is tábhachtaí a fuair sé ó Mháire — an ceann is tábhachtaí ar fad, dar leis.
Paidir roimh dhul a chodladh (2)
Go mbeannaí Dia dhuit a chrois,
A bhuinneán díreach, deas,
A crann ’ chéas Críost deas.
Luathraigh do chosa an aifrinn,
Luathraigh do mhéar ar shlabhra an anama,
Oscail do chroí agus lig as do ghangaide.
Tá cheithre posta ar mo leaba,
Cheithre aingle orthu scartha.
Má fhaighim bás anocht nó ar maidin,
I láthair Dé go raibh m’anam.
Paidir ar dhul amach ag obair
Trí paidreacha is seacht,
’ Chuir Muire dá mac,
’ Chuir Mícheál faoina scéith,
’ Chuir Bríd faoina brat,
Is a chuir Dia faoina neart.
Idir sinn agus olc,
Idir sinn agus náire shaolta,
Idir sinn agus bás bíge,
Idir sinn agus gach aon sprid ar bith eile arís go lá.
Ní thugann Michael comhthéacs i dtaobh na hurnaí seo ach tá leagan di in uí Bhraonáin (2009:64).
