Míċeál Ó Loċlainn a dhein an taighde, a dhíolaim ⁊ a scrígh na nótaí.
Céadfoilsithe: .
Nodaireacht
Tagraíonn CD XXXX, RGXXXXXX agus JazXXXXX do ghrúpaí fuaimchomhad i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tagraíonn _X agus _XX don Xú fuaimchomhad sa ghrúpa, de réir ord uimhrúil na gcomhadainmneacha.
Mar shampla:
Tagraíonn CD 2001_6 don séú fuaimchomhad sa ghrúpa CD 2001.
Agus tagraíonn CD 2156_25 don chúigiú fuaimchomhad fichid sa ghrúpa CD 2156.
Ní thagann ainmneacha na bhfuaimchomhaid le hainmneacha na ngrúpaí lena mbaineann siad i gcónaí.
Níl ainmneacha na ngrúpaí ná na bhfuaimchomhad in ord iar n‑uair. D’fhéadfadh clár a deineadh sna seachtóidí a bheith i dteannta cheann a deineadh sna hochtóidí sa ghrúpa céanna, mar shampla.
Tá an fardal seo á réiteach ar bonn leanúnach. I bhfad ó bheith críochnaithe atá sé.
Mar sin féin, beifear ag cur leis chomh rialta ⁊ chomh minic is is féidir.
23 Deireadh Fómhair 2026 dáta an nuashonrú is deireannaí.
AC26 — Mír 2
Dáta a chraolta: 1980-12-27*
Uimhir chartlainne: CD 2001_6
Fuaimchomhad cartlainne: nuig2001_06.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Brainse Charna de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le scoraíocht ‘An Deoraí ag Féile Bhríde’, faoi stiúir an Athar Choilm Uí Cheannabháin.
Na míreanna atá sa taifead seo (in ord):
- Ríleanna.
- Michael Mháire Ghabha, Bairbre Mhic Dhonnchadha ⁊ Marcus Ó hIarnáin.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Máire Ní Mhongáin.
- Ríleanna.
- Poirt.
- Máire Ní Chonaire [le deimhniú] ag rá Tá na Páipéir á Saighneáil.
- Ríleanna.
- Dán.
- Píosa ceoil ar an bhFeadóg mhór.
- Ríleanna.
- Pádraig Tom Photch Ó Ceannabháin ag rá Bideach na gCarad.
- Máirtín Ó Cualáin ag casadh ríleanna.
- Amhrán (anaithnid).
- Fonn mall / ríl (⁊ damhsa).
- Michael Mháire Ghabha ag rá Sadhbh Ní Bhruinnealla.
- Poirt.
* Dátaí craolta atá tugtha i mbunachar sonraí RTÉ Raidió na Gaeltachta. Sa gcás seo, áfach, b’fhéidir gurb é an dáta taifeadta atá ann? Go deimhin, níl cuma ainm chlár raidió ar ‘AC26 — Mír 2’, agus ní léir céard is brí leis an lipéad sin.
Níl láithreoir ná tráchtaire le cloisteáil sa taifead ach an oiread. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé gur cuid de thaifeadadh bunaidh na hócáide í an mhír seo agus gur cód tagartha na buntéipe é ‘AC26 — Mír 2’.
gan ainm
Dáta a thaifeadta: 1982-11-11*
Uimhir chartlainne: CD 2156_25
Fuaimchomhad cartlainne: nuig2156_25.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Sa mír seo tá (in ord):
- Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ag rá Tá na Páipéir á Saighneáil.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Currachaí na Trá Báine.
- Michael Mháire Ghabha ag casadh port.
* Is ró-dhócha gur taifeadadh bunaidh é seo, seachas taifeadadh de chlár craolta. Castar gach píosa as féin is níl láithreoir, tráchtaire ná comhrá le cloisteáil.
Faisnéis*
Dáta a chraolta: 1984-07-13
Uimhir chartlainne: CD 1739_1
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1739_01.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Clár cainte é seo, le míreanna éagsúla ann.
Seosamh Ó Cuaig a chuir i láthair é.
Labhrann Giollíosa Ní Shé, Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha ⁊ Michael Mháire Ghabha ar Chomórtas Pheigín Leitir Móir na bliana sin sa tríú mír de.
Giollíosa a bhuaigh Comórtas Pheigín Leitir Móir féin.
Michael a bhuaigh an comórtas amhránaíochta.
Deir Michael Máire Ní Taidhg Óig, an t‑amhrán a bhuaigh an comórtas dó.
* Tá sé le deimhniú gur “Faisnéis” teideal an chláir seo.
anaithnid
Dáta a chraolta: 1985-04-07
Uimhir chartlainne: CD 1767_1
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1767_01.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Clár ceoil ⁊ amhrán é seo.
Cóilín Ó Maoilchiaráin fear a’ tí.
Míreanna an chláir seo (in ord):
- Michael Mháire Ghabha ag casadh ríleanna ar an mbosca ceoil.
- Máire Uí Chonaire ag rá An Coileach Mártan.
- Pádraig Tom Photch Ó Ceannabháin, ag casadh an bhosca ceoil.
- Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ag rá Sadhbh Ní Bhruinnéallaigh.
- Neansaí Ní Choisdealbha ag casadh port ar an bhfeadóg mhór.
- Sarah Ghriallais Uí Chonghaile ag rá Mo Chéad Slán le Muiceannach.
- Rick Epping ag casadh na consairtíne.
- Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha ag rá Amhrán Leitir Calaidh.
- Tomás Mac Eoin ag rá Amhrán an Chait.
- Mícheál Ó Ceannabhán ag casadh jigeanna ar an mbosca ceoil.
- Máire Ní Chonaire ag rá amhrán a rinne a hathair. (Níor tugadh teideal.)
- Pádraig Tom Photch Ó Ceannabhán ag casadh dhá ríl: Pigeon on the Gate agus Green Flieds of Amercia.
- Sarah Ghriallais Uí Chonghaile ag rá Scríofa mé litir go Fuirnis Amárach.
- Neansaí Ní Choisdealbha ag casadh ar an bhfeadóg stáin.
- Rick Epping ag casadh na consairtíne agus an órgáin bhéil.
Clár raidió nó mhír de shraith é seo?
Tá ainmneacha fo-amhrán is fo-fhonn le deimhniú.
Comórtas Sean-nóis Fhéile na Midhe*
Dáta a chraolta: 1985-11-16
Uimhir chartlainne: CD 0529_6
Fuaimchomhad cartlainne: 11501248.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Máirtín Jamsie Ó Flaithearta fear a’ tí.
Mícheál Ó hEidhin an moltóir.
Chas Maidhceó Ó Méalóid cúpla ríl ar dtús.
Na hiomaitheoirí (in ord):
- Colm Ó Méalóid ag rá An Caisideach Bán.
- Mairéad Mhic Dhonncha ag rá Táim Sínte ar do Thuamba.
- Sarah Ghriallais Uí Chonghaile ag rá Amhráin Shéamuis Uí Chonchúir.
- Tomás Ó Neachtain ag rá Neillí Bhán.
- Bríd Uí Chonaire ag rá An Sagairtín.
- Úna Mháirtín William Ní Fhinneidhe ag rá An Droighnean Donn.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Bean a’ Leanna.
- Seosaimhín Ní Bheaglaíoch ag rá Dónal Óg.
Oíche mhór a bhí ann — bhí deichniúr fichid iomarthóirí istigh ar an gcomórtas — agus leanann an taifeadadh seo ar aghaidh sna comhaid 12481335.m32 ⁊ 13351421.m32 i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Taifeadadh a bhfuil in 11071150.m32 le linn na féile seo freisin ach is taifead é sin de chomórtas eile: amhráin nua-chumtha mar gheall ar Rath Chairn.
* Is é seo ainm na hócáide, go deimhin, agus b’fhéidir gurbh é a bhí ar an gclár a craoladh — ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de.
Rath Cairn*
Dáta a chraolta: 1987-11-28
Uimhir chartlainne: CD 0542_35
Fuaimchomhad cartlainne: 22242329.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓ (ach tá an comhad truaillithe)
B’fhéidir gurb é Tom Rua Mac an Iomaire fear a’ tí. Is cinnte nach é Máirtín Jamsie, a rinne cúram de i 1985.
Na hiomaitheoirí (in ord):
- Caitlín Phatch Ní Chualáin ag rá Béal an Átha Bhuí.
- Mairéad Mhic Donnchadha ag rá Amhrán na Leabhar.
- Nóra Ghriallais Mhic Dhonnchadha ag rá Long Mór na mBúrcach.
- Michael Mháire Ghabha ag rá An Abhainn Mhór.
- Tomás Mac Eoin ag rá Máire Ní Mhongáin.
- Breandán Ó Cuimín ag rá Baile Uí Laoi.
- Colm Ó Méalóid ag rá Bean an Fhir Rua.
- Dara Bán Mac Donnchadha ag rá Mná Deasa Loch a’ Riach.
- Bríd Uí Chonaire ag rá Caisleán Uí Néill.
- Ristéard Ó hEidhin ag rá Caisleán Uí Néill.
*Is é seo atá tugtha i mbunachar sonraí chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ach is deacair a shamhlú gurbh é a bhí ar an gclár a craoladh. Ós amhlaidh gur i mí na Samhna a craoladh é, seans maith gur Comórtas Sean-nós Fhéile na Midhe atá arís ann. Mar sin féin, mar a pléadh i gcás CD 0529_6, níor ghá gurbh é sin a bhí ar an gclár ach an oiread.
Togha agus Rogha
Dáta a chraolta: 1988-03-19
Uimhir chartlainne: CD 1050_8
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1050_08.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Máirtín Jamsie Ó Flaithearta a bhí i mbun agallamh, le linn Fhéile Chomórtha Joe Éinniú 1998.
Míreanna an taifeadta seo (in ord):
- Mícheál Ó Cuaig ⁊ Máirtín Jaimsie ag labhairt mar gheall ar an bhFéile.
- Mícheál Ó Cuaig ag rá Neainsín Bhán.
- Pádraic Johnny Joe Pheaitsín Mac Donnchadha ag casadh an bhainseó.
- Liam Mac Con Iomaire ⁊ Máirtín Jaimsie ag labhairt mar gheall ar an bhFéile.
- Liam Mac Con Iomaire ag aithris Clocha Reatha, dán a chum Mícheál Ó Cuaig mar gheall ar Joe Éinniú.
- Pádraig Tom Photch Ó Ceannabháin ag casadh an bhosca ceoil. (Taifeadadh an píosa seo an oíche roimhe.)
- Michael Mháire Ghabha ⁊ Máirtín Jaimsie ag labhairt mar gheall ar an bhFéile.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Púcán Mhicil Pháidín.
- Mac Dara Mac Donnchadha ar an bhfeadóg stáin ⁊ Pádraig Ó Ceannabháin ar an bhfeadóg mhór.
- Bríd Mhichael Mháire Ghabha ag rá Péarla Deas an Chúil Bháin. [Luann Bríd go raibh a máthair is a hathair 27 bliain pósta dhá lá roimhe sin, ar Lá ’le Pádraig, is go raibh a máthair mhór 83 bliain d’aois an lá roimhe sin. Ní deir sé cén máthair mhór.]
- Peter Ratcliff ar an ngiotár ⁊ Josie Mhichael Mháire Ghabha ar an mbosca ag casadh ríleanna le Paddy O’Brien.
Tá an cód CAS6365 luaite in iontráil na míre seo i mbunachar sonraí chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá an leid ‘ Cuid a 2 den chlár’ tugtha in éindí leis. Is ró‑dhócha gurb é seo cód tagartha na téipe ar ar déanadh an taifeadadh bunaidh; CAS = ‘caisín’, seans. (Féach ar an iontráil ar CD 1451_5 sa liosta seo.)
Seó Aniar
Dáta a chraolta: 1989-09-26
Uimhir chartlainne: CD 0114_37
Fuaimchomhad cartlainne: 20492114.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Johnny Shéamuis Ó Conghaile i mbun comhrá le Páraic Tom Photch Ó Ceannabháin agus Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha. [Dhá agallamh ar leith.]
Tá tuilleadh mionsonraí le teacht.
Seó Aniar
Dáta a chraolta: 1989-09-27
Uimhir chartlainne: CD 0904_35
Fuaimchomhad cartlainne: 23262350.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Johnny Shéamuis Ó Conghaile i mbun comhrá le Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha agus Michael Mháire Ghabha.
Bhí Johnny agus Michael ar tí dhul ar thuras go Boston Mheiriceá i dteannta Phádraig Tom Photch Ó Ceannabháin agus Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha.
Bhíodar le himeacht ar an Déardaoin dár gcionn agus bhíodar le bheith thall ar feadh deich lá. Mícheál Ó Conghaile a d’eagraigh an turas.
Labhrann Johnny agus Michael ar an turas a bhí rompu is ar thurasanna eile a rinne siad; go Londain, go Meiriceá, go dtí an Bhriotáin agus mar sin de…
Deir Johnny Tá na Páipéir á Saighneáil le linn na míre seo, deir Michael Amhrán na Trá Baine agus casann Michael port ar an gcáirdín i dtreo an deiridh.
CAS6592 Ceol ón gcáiséad Tuilleadh Diabhail ag Boiscín – Ceoltóirí Bosca as Conamara
Dáta a chraolta: 1990-11-11
Uimhir chartlainne: CD 1451_5
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1451_05.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Na foinn (in ord):
- P.J. Ó hIarnáin ag casadh ríleanna: Joe Cooley’s Favourite ⁊ Toss the Feathers.
- Michael Mháire Ghabha ag casadh ríleanna: Swallow’s Tail ⁊ Miss Mc Leod.
- Johnny Óg Connolly ag casadh cornphíopa: Bee’s Wing.
- John Gerard Walsh ag casadh ríleanna: Skylark ⁊ Galway Rambler.
- Stiofán Ó Gríofa ⁊ John Beag Ó Flatharta ag casadh ríleanna: Collier’s, Sally Gardens ⁊ Star of Munster.
- Pádraig Ó Lochlainn ag casadh port: Bridge over the Maine ⁊ Pipe on the Hob.
- Seosamh Ó Ceannabháin ag casadh ríleanna: Shannon’s ⁊ Gorman’s.
- Pádraig Tom Photch Ó Ceannabháin ag casadh port: Connachtman’s Rambles ⁊ An Rogaire Dubh.
- Sonny Choilm Learaí Ó Conghaile ag casadh cornphíopaí: An Staicín Eornan, Johnny Will you Marry Me ⁊ Jolly Beggerman.
- Máirtín Beag Ó Gríofa ag casadh port: Connachtman’s Rambles ⁊ port gan ainm.
Tugann an teideal atá ar an mír seo i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta — “CAS6592 Ceol ón gcáiséad Tuilleadh Diabhail ag Boiscín — Ceoltóirí Bosca as Conamara” — leid láidir gur taifeadtaí de chaisíní iad na míreanna go léir a bhfuil cóid den fhoirm CASXXXX acu. Tugann sé leid, freisin, go bhféadfadh caisín tráchtála a bheith ann chomh maith le ceann a thaifead RnaG féin.
Níl tráchtaireacht ar bith sa taifeadadh seo. Seans maith gur casadh míreanna dhe beo ar an aer, de réir mar a bhíodar ag teastáil.
Comórtas Tom Pháidín Tom 1993 sa Spidéal*
Dáta a chraolta: 1991-11-11†
Uimhir chartlainne: CD 2150_14
Fuaimchomhad cartlainne: nuig2150_14.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Seán Bán Breathnach an láithreoir, agus fear a’ tí don ócaid.
Sa mír seo (in ord):
- Michael Mháire Ghabha ag rá Púcán Mhicil Pháidín.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Bean a’ Leanna.
Is suimiúil an mhír í seo mar cé nach bhfuil mórán inti ach Michael féin, is an dá amhrán á rá aige, tá ruidín beag suntasach ag tús an fhuaimchomhaid.
Tosnaíonn an ghearrthóg go tobann, agus Seán Bán i lár abairte: “— Tom Pháidín Tom 1993!” agus pleascann bualadh bos agus gleo mór láithreach. Seacht ndócha gur ‘buaiteoir Chomórtas—’, nó rud éigin nach raibh i bhfad uathu, na focail a dúirt sé díreach roimhe sin agus gurbh é seo an nóiméad ar fograíodh an comórtas a bheith buaite ag Michael.
Níl aon dabht ach gur dhúirt Michael Púcán Mhicil Pháidín díreach tar éis an bhuailte bos agus gur cuid den taifeadadh céanna atá ann. Ach is léir gur gearradh Bean a’ Leanna isteach sa bhfuaimchomhad ó fhoinse éigin eile is ó phointe éigin eile den ócáid. Cé go bhfuil bualadh bos mór arís ann ag an deireadh, tá mianach na fuaime an-éagsúil ón gceann atá sa gcéad chuid den taifeadadh.
* Is é seo ainm na hócáide, go deimhin agus is é a tugadh i mbunachar sonraí RTÉ Raidió na Gaeltachta; ach níor ghá gurbh é sin díreach ainm an chláir a craoladh.
† É seo a tugadh i mbunachar sonraí RTÉ Raidió na Gaeltachta ach is léir gur botún cló é. Seans gur 1993-11-11 an dáta ceart. Tá tuilleadh plé air seo sa faoi CD 2150_28, thíos.
anaithnid
Dáta a chraolta: 1991-11-11
Uimhir chartlainne: CD 2150_28
Fuaimchomhad cartlainne: nuig2150_28.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Sa mhír seo (in ord):
- Dara Bán Mac Donnchadha ag rá Amhrán an Tobac.
- Michael Mháire Ghabha ag rá amhrán impromptu [le deimhniú].
- Dara Bán Mac Donnchadha ag casadh an bhosca ceoil.
- Delia Mhaidín ag rá amhráin (anaithnid).
- Ceoltóirí anathnide.
Ós amhlaidh go dtugtar an dáta céanna don mhír seo is do CD 2150_14, thuas, go bhfuil an uimhir chartlainne CD 2150_14 an-ghar d’uimhir na míre seo, agus go bhfuil Michael sa dá taifeadadh, b’fhéidir gur cuid eile í seo de thaifeadadh Chomórtas Tom Pháidín Tom 1993. Mar sin féin, níl aon leid i mbunachar sonraí RTÉ Raidió na Gaeltachta ina thaobh seo agus d’fhéadfadh sé gur cuireadh dáta na míre seo isteach in CD 2150_14 trí thimpist.
Is ait í an ghearrthóg atá sa bhfuaimchomhad seo. Más léir gur taifeadadh Dara Bán agus Michael ag an am céanna, is léir, freisin, gur gearradh isteach amhrán Delia ó fhoinse / ó phointe eile ar fad is gur gearradh isteach na ceoltóirí ó phointe eile arís.
gan teideal
Dáta a chraolta: 1991-11-11
Uimhir chartlainne: CD 2156_27
Fuaimchomhad cartlainne: nuig2156_27.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Tá sa mír seo (in ord):
- Séamus Devaney ag yodeláil.
- Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha ag insint scéil ghrinn.
- Michael Mháire Ghabha ag casadh válsaí ⁊ ríleanna ar an mileoidean.
- Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ag rá ’Sí do Mhamó, Bean Pháidín ⁊ Cúnla…
- …agus Michael Mháire Ghabha ag teacht isteach ag an deireadh, ag portaireacht Cúnla ⁊ á chasadh ar an mileoideon.
Taifeadadh bunaidh é seo, a déanadh ag ócáid phoiblí éigin.
Leatsa Leagan
Dáta a chraolta: 1993-04-05
Uimhir chartlainne: CD 0040_9
Fuaimchomhad cartlainne: 17131825.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Máirtín Jamsie Ó Flaithearta a chuir i láthair.
Craoladh an clár seo ar an Luan tar éis deireadh seachtaine an dara Féile Shean-nós Cois Life.
An fhéile seo ceann de na míreanna a pléadh sa gclár.
Déanann Meaití Joe Shéamais Ó Fatharta cur síos ar an bhFéile is ar an gcéad Ghradam Shean-nós Chois Life, a bronnadh ar Mhichael Mháire Ghabha le linn na Féile.
Rinne Mairéad Ní Dhomhnaill ócáid an bhronnta a thaifeadadh agus seinntear trí ghearrthóg den taifeadadh ar an gclár: an chaint a thug Liam Mac an Iomaire nuair a bhronn sé an gradam ar Mhichael, an chaint a thug Michael nuair a ghlac sé leis agus Michael ag rá Currachaí na Trá Báine tar éis an bhronnta.
Bhí Michael i mBaile Átha Cliathfós ar an Luan agus labhrann Máirtín leis ar an nguthán mar gheall ar an bhFéile agus ar an ngradam.
Bhí Liam i dteannta Mhichael agus labhrann Máirtín leis sin.
Déanann Liam cur síos ar bhonn an ghradaim, a rinne Cliodhna Cussen.
Luann Liam go mbeadh ócáid chomórtha do Mháirtín Ó Cadhain ar siúl an oíche sin i gClub an Luain in Óstán Clifton Court. Club na hÉigse de Chonradh na Gaeilge a d’eagraigh í. Luann sé gur fhan Michael agus a iníon Caitríona i mBaile Átha Cliath le freastal ar an ócáid sin. Cadhan Aonraic an t‑ainm a bhí uirthi.
An taifeadadh bunaidh de bhronnadh Ghradam Shean-nós Cois Life 1993 ar Mhichael Mháire Ghabha
Dáta a chraolta: 1993-04-05 *
Uimhir chartlainne: CD 1581_9
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1581_09.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
É seo amhábhar na ngearrthóg a úsáideadh in CD 0040_9.
Tá an cód CAS6830 luaite i mbunachar sonraí chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta leis. Is ró-dhócha gurb é cód tagartha na buntéipe. (Féach ar an iontráil CD 1451_5 sa liosta seo.)
* 1993-04-05 an dáta a tugadh i dtaobh na míre seo i mbunachar sonraí chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ach sin é an dáta ar céadchraoladh gearrthóga a baineadh aisti (CD 0040_9; Leatsa Leagan). Ar 1993-04-02, i mBaile Átha Cliath a taifeadadh an mhír seo.
Pléaráca Chonamara 1993
Dáta a chraolta: 1993-09-11
Uimhir chartlainne: CD 0684_21
Fuaimchomhad cartlainne: 20482220.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Comórtas sean-nóis Tom Pháidín Tom an ócáid.
Seán Bán Breathnach fear a’ tí.
Craoladh beo a bhí ann. Thosaigh sé ar 8.01 i.n., agus chríochnaigh ar 9.13 i.n.
Josie Sheáin Jeaic Mac Dhonncha ⁊ Mairéad Ní Oistín na moltóirí.
Na hiomaitheoirí (in ord):
- Josie Mac Donnacha ag rá Tomás Bán Mac Aodhgáin.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Currachaí na Trá Báine.
- Tess Uí Chonghaile ag rá Loingseach Bhearnach.
- Bairbre Uí Maoilchiaráin ag rá Amhrán Rinn Mhaoile.
- Sarah Ghriallais Uí Chonghaile ag rá Úna Dheas Ní Nia.
- Bríd Uí Fhátharta ag rá Greasaí na Sála Arda.
- Pádraig Ó Flatharta ag rá Tá na Páipéir á Saighneáil.
A fuair glaoch ar ais (in ord):
- Michael Mháire Ghabha ag rá Bean a’ Leanna.
- Tess Uí Chonghaile ag rá Aithrí ’n Tailliúra.
- Sarah Ghriallais ag rá Táiliúr a’ Mhagadh.
Michael Mháire Ghabha a bhuaigh.
Sarah Ghriallais a bhí sa dara áit.
Tess Uí Chonghaile a bhí sa tríú háit.
Ceol na Mara, ag an Dumhach Mhór sa Spidéal, suíomh an chomórtais. Cuid de Phléaráca Chonamara ab ea é an uair sin.
B’í seo an tríú bliain de Chomórtas Tom Pháidín Tom agus an tríú huair a ndeachaigh an Corn siar go hIorras Aithneach. Agus nárbh í an dara huair a thug duine de mhuintir Mháire Ghabha leo í? Caitríona Mhichael Mháire Ghabha a bhuaigh i 1992 é agus Dara Bán Mac Donnchadha i 1991.
Dúirt Michael Púcán Mhicil Pháidín ag an deireadh.
Imeachtaí Phléaráca ’94 i Scoil na hAirde*
Dáta a chraolta: 1994-11-11
Uimhir chartlainne: CD 2154_2
Fuaimchomhad cartlainne: nuig2154_02.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Joe John Mac an Iomaire fear a’ tí.
Tá sa mír seo (in ord):
- Máire Ghabha, Michael Mháire Ghabha, Dara Bán Mac Donnchadha ⁊ Sara Casey ag rá Óra Mhíle Grá.
- Pádraig Ó Héalaí ag déanamh cur síos ar an oíche, ag labhairt mar gheall ar Mháire Ghabha agus ag insint scéil: Dónal Ó Conaill.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Peigín Audley.
- Dara Bán Mac Donnchadha ag rá Mná Bána Locha Riach.
- Josie Joe Pheadair Ó Guairim ag rá Amhrán a’ Phríosúin.
- Róisín Nic Dhonncha ag casadh ríleanna (First House in Connacht agus ceann anaithnid) agus port (anaithnid) ar an bhfeadóg mhór.
- Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha ag rá An Capall.
* Tá idir “Imeachtaí Phléaráca ’94 i Scoil na hAirde” agus “Scoil na hAirde (Pléaráca 1994)” tugtha mar theidil ar an mír seo i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ní fios cé acu a bhí mar ainm ar an gclár a craoladh. B’fhéidir go raibh ainm eile ar fad air?
Ard Tráthnóna
Dáta a chraolta: 1995-11-08
Uimhir chartlainne: CD 0795_12
Fuaimchomhad cartlainne: 15211619.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Tá sa mír seo (in ord):
- P.J. Ó hIarnáin ag casadh ríleanna (An Chéad Teach i gConnacht ⁊ Miss Mc Leod).
- Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ag rá Ócum a’ Phríosúin.
- Seán Ó hÉanaí ⁊ an grúpa Éinniú ag casadh Conamara.
- Áine Sheáin Éamoinn Uí Laoi ag rá An Mhaighdean Mhara.
- Michael Mháire Ghabha ag casadh port (Bean a’ Níocháin, Connachtman’s Rambles ⁊ Máirseáil a’ Bhúistéara).
- Peadar Ó Ceannabháin ag rá Bruach na Cara Leith.
- Máire Chólman Nic Dhonnchadha ag rá Caisleán Uí Néill.
- Na Fíréin ag casadh Tír na nÓg.
- Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ag rá Contae Mhaigh Eo.
- John Beag Ó Flatharta ag rá An Séipéilín.
- Glasgow Heberdine Choir ag rá Brochan Lom agus ag portaireacht.
- Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donnchadha ag rá Beartlín a’ Ghadaí.
- John Beag Ó Flatharta ag rá An Meiricean Mór.
- Ceoltóirí Chualainn ag casadh Ríl Mhór Bhaile an Chalaidh.
Nóirín Ní Chonghaile, Rúnaí an Oireachtais, a chuir an clár seo i láthair ón Ródaí, is é taobh amuigh de Theach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.
Lán a’ Mhála
Dáta a chraolta: 1995-11-14
Uimhir chartlainne: CD 1498_7
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1498_07.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Meaití Joe Shéamais Ó Flatharta a chuir i láthair.
Tá sa mír seo (in ord):
- Mairéad Ní Oistín ag rá Barr an tSléibhe.
- Treasa Ní Cheannabháin [le deimhniú] ag rá Máire Ní Ghríofa.
- Nan Tom Taimín de Búrca ag rá Molly Ní Mhaoileoin.
- Brian Ó Domhnaill ag rá Mainistir na Buaille.
- Páidí Mhárthain Mac Gearailt ag rá Ag Bun Ros na Coille.
- Caitríona Mhichael Mháire Ghabha ag rá Amhrán an Phoitín.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Bean a’ Leanna.
- Cóilín Ó Conghaile ag rá Neainsín Bhán.
- Treasa Ní Cheannabháin ag rá Úna Bhán.
- Mairéad Ní Oistín ag rá Donncha Bán.
Fonnadóirí ⁊ buaiteoirí ag príomhchomórtais amhránaíochta ar an sean-nós ag Oireachtas 1995 i mBaile Átha Cliath.
Sruth na Maoile
Dáta a chraolta: 1995-12-17
Uimhir chartlainne: CD 0291_6
Fuaimchomhad cartlainne: 10511119.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Seán Ó hÉanaí ⁊ Mairi Anna Nic Ualraig a chuir i láthair.
Tá sa mír seo (in ord):
- Tadhg Mac Dhonnagáin ag rá Raifteairí san Underground.
- Clannad ag casadh Tá mé i mo Shuí.
- Kevin Cunnife ag rá Sliabh Geal Gua na Féile.
- Michael Mháire Ghabha ag casadh dreas port; Connachtman’s Rambles ina measc.
- Liam Ó Maonlaí ag rá A Stóirín mo Chúig Chéad Slán Leat.
- Cherish the Ladies ag casadh amhráin i nGaeilge na hAlban.
- An Bothy Band ag casadh dreas ríleanna.
Tá “DAT 7497 – Mír 3 Ceol as Albain agus Éirinn” tugtha mar theideal ar an mír seo i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is ró-dhócha gur tagairt é seo do théip fhisiciúil éigin, a raibh sí taifeadta uirthi. (DAT = Digital Audio Tape.)
CAS6907 Ceolóirí as Conamara – Connemara Favourites – Cuid a 2*
Dáta a chraolta [?]: 1996-06-12
Uimhir chartlainne: CD1290,10
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1290_10.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Tá sa mír seo (in ord):
- Johnny Joe Pheaitsín ’ac Dhonncha ag rá The Whistling Thief.
- Durling ag casadh chornphíopaí.
- Seosamh Ó Ceannabháin [le deimhniú] ⁊ Peter Ratcliffe ag casadh An Hunter.
- Seán Chóilín Ó Conaire ag portaireacht.
- Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha [le deimhniú] ag rá Amhrán na gCualán.
- Michael Mháire Ghabha ag casadh port (The Irish Washerwoman ⁊ anaithnid.
- John Beag Ó Flatharta ⁊ Na hAncairí ag casadh An Meiricean Mór.
- P.J. Ó hIarnáin ag casadh ríleanna (First House in Connacht ⁊ Miss Mc Leod).
- Bairbre Ní Neachtain ⁊ Tomás Mac Eoin ag rá Queen of Connemara.
- Johnny Óg Ó Conghaile ⁊ Na hAncairí ag casadh port.
Níl aon dabht ach gur taifeadadh bunaidh é seo, seachas taifeadadh de chlár craolta. Castar gach píosa as féin is níl láithreoir, tráchtaire ná comhrá le cloisteáil.
Gach seans go dtagraíonn “CAS6907” do chaisín ar leith gur cóip d’albam tráchtála í. Tugann “Ceolóirí as Conamara – Connemara Favourites” le fios gur Ceolóirí as Conamara / Connemara Favourites an teideal dátheangach a bhí uirthi sin. Dá réir sin, is deacair a mheas céard dá dtagraíonn an dáta sa gcás seo. (Féach ar an iontráil ar CD 1451_5 sa liosta seo.)
Is ró-dhócha gur albam de chuid Chló Iar-Chonnacht atá ann agus b’fhéidir gur CIC 022 an uimhir chatalóige atá air. D’eisigh CIC albam eile dar teideal Connemara Favourites Vol. 2 / Seoda Chonamara 2. CIC 031 an uimhir chatalóige atá air sin.
* Tá “Rogha Chonamara Taobh 2” tugtha mar theideal ar an mír seo i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta leis. An taobh tuathail den chaisín, is dócha.
Lán a’ Mhála
Dáta a chraolta: 1996-10-22
Uimhir chartlainne: CD 1608_7
Fuaimchomhad cartlainne: nuig1608_07.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Gearrthóga de thaifeadadh a déanadh de Chomórtas Chuimhneacháin Chóilín Chliseam 1996, is iad curtha le chéile i gclár stiúidió.
Meaití Joe Shéamais Ó Flatharta a chuir an clár féin i láthair.
Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta a bhí mar fhear a’ tí ag an gcomórtas.
Sarah Ghriallais Uí Chonghaile ⁊ Mícheál Ó hEidhin na moltóirí.
Na gearrthóga (in ord):
- Máirtín Jaimsie. Gearrthóg gonta, is é ag fógairt gurbh é Michael Mháire Ghabha a fuair an chéad áit.
- Nan Tom Taimín de Búrca ag rá An Gabha Ceartan.
- Tess Uí Chonghaile ag rá Aithrí an Táilliúra*.
- Michael Mháire Ghabha ag rá An Abhainn Mhór.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Bóithrí Ros a’ Mhíl.
- Máirtín Jaimsie ag fógairt Nan Tom Taimín de Búrca sa tríú háit.
- Nan Tom Taimín ag rá Bríd Thomáis Mhurchadha.
- Máirtín Jaimsie ag fógairt Tess Uí Chonghaile sa dara háit.
- Tess ag rá Úna Dheas Ní Nia.
- Máirtín Jaimsie ag cur deireadh leis an gcomórtas ⁊ ag fógairt gurbh é Michael Mháire Ghabha a bhuaigh.
- Michael Mháire Ghabha ag glacadh buíochais ⁊ ag rá Úna Bhán.
- Nan Tom Taimín ag rá Caisleán Uí Néill.
B’í seo an dara bliain den chomórtas.
Bunaíodh an comórtas seo in omós do Chóilín Chliseam, sár-amhránaí ón gCaisleán in Indreabhán, a bhásaigh i 1993.
Tigh Tommy ar an Tulach [Tigh Tommy ar an gCaisleán] suíomh an chomórtais i 1996.
Luann Meaití a fheabhas is a bhí an oíche, d’ainneoin a olc is a bhí an tsíon an oíche sin. Deir sé gur lean an comórtas féin ar feadh trí huair a’ chloig agus gur lean an amhránaíocht ar aghaidh go ceann i bhfad ina dhiaidh. Deir sé go raibh leathscór iomaitheoir ó Charna go Bearna istigh ar an gcomórtas.
Dúirt Nan Tom Taimín Caisleán Uí Néill níos deireanaí san oíche, tar éis an chomórtais. Leagan de seo an t‑amhrán mór a bhí ag Cóilín Chliseam.
* Bean an Fhir Rua ⁊ Peadar Glégeal an dá amhrán a dúirt Tess ar an oíche ach míníonn Meaití go raibh deacrachtaí teicniúla ann is nach bhféadfaí iad a chraoladh ar an gclár dá thoradh, agus chas sé Tess ag rá Aithrí an Táilliúra in áit cheann acu. Déanadh an taifeadadh sin le linn Chomórtas na mBan ag Oireachtas na Gaeilge 1994, in Óstán na Páirce, Dún Garbhán. B’é an taifeadadh a déanadh ar an oíche de Tess ag rá Úna Dheas Ní Nia a craoladh, áfach.
Tá an uimhir ‘CAS8570’ luaite i leith na míre seo i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Seans go dtagraíonn sé sin don chaisín ar ar taifeadadh an comórtas. (Féach ar an iontráil ar CD 1451_5 sa liosta seo.)
Ag Gabháil Fhoinn
Dáta a chraolta: 2001-11-14
Uimhir chartlainne: Jaz01739_21
Fuaimchomhad cartlainne: 20022030.m32
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Ciarán Ó Fátharta a chuir i láthair.
Sa gclár seo (in ord):
- Mairéad Ní Fhlatharta ag rá Néilí an Bhrollaigh Ghile.
- Gearóidín Bhreathnach ag rá Úr Chill a’ Chreagáin.
- Michael Mháire Ghabha ag rá Currachaí na Trá Báine.
- Bríd Ní Maoilchiaráin ag rá Baile Uí Laoi.
- Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta ag rá Bóithríní an Locháin.
Cé go bhfuil an mhír ar Mhichael sa bhfuaimchomhad 20022030.m32, tá tús an chlár seo sna comhaid 19502000.m32 agus 20002002.m32.
Ard Tráthnóna
Dáta a chraolta: 2002-02-13
Uimhir chartlainne: Jaz01830_10*
Fuaimchomhad cartlainne: 14001600.m32*
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha a chuir i láthair.
Sa gclár seo (in ord):
- Ian Lee ag cur taifeadadh i láthair de Liam Ó Conghaile ag rá Nóirín mo Mhian.
- Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha ag rá An Seanduine Cam.
- Muintir na hÍsiltíre ag rá Amhrán Raifteirí ⁊ Bean Pháidín.
- Paddy Sinker Mc Donnell ag feadaíl The Boys of Bluehill.
- Leo Hallisey ag labhairt le Máirtín ar an nguthán mar gheall ar an dlúthcheirnín Behind the Mist, as ar tógadh an taifeadadh de Phaddy Sinker.
- Micilín Thomáis Saile Ó Flatharta ag feadaíl An Sagairtín.
- Michael Mháire Ghabha ag labhairt le Máirtín ar an nguthán mar gheall ar fheadaíl is ar nithe eile.
Ciarán Mac Mathúna a rinne an taifeadadh de Liam Ó Conghaile i 1960, sa Spidéal. Bhí Liam 12 bliana d’aois nuair a déanadh é.
De thoradh an tionscadail ‘Seachtain an Phortaigh’ i Leitir Fraic is ea a tháinig ann do Behind the Mist.
* Jaz01830_9 atá tugtha i gcáipéisíocht chartlann Raidió na Gaeltachta; ’sé sin, fuaimchomhad 13001400.m32. Is cinnte, áfach, gur sa deichiú fuaimchomhad sa ngrúpa sin atá an clár seo — 14001600.m32.
??????
Dáta a chraolta: 2003-11-10
Uimhir chartlainne: RG101103_2(3)
Fuaimchomhad cartlainne: anaithnid
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✗
Níl ach fíorbheagán faisnéise againn ar an mír seo i láthair na huaire.
Ard Tráthnóna a bhí ann, seans.
Michael Mháire Ghabha, Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha, Joe Molloy ⁊ Eilís de Paor a bhí ar an gclár.
Cúrsaí an Lae
Dáta a chéad chraolta:
Uimhir chartlainne: RG230404_1(3)
Fuaimchomhad cartlainne: 1769.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Éist le: Míreanna a 3 is a 9.
Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta a chuir i láthair.
Sa gclár seo (in ord):
- Éamon Ó Cuiv ag plé bonneagar bóithre agus iarnród Iarthar na hÉireann.
- Macdara Ó Cuaig ag plé staidéar nua ar na hathruithe atá ag teacht ar an aeráid is ar an timpeallacht.
- Mairéad Uí Chuaig (sa stiúidió) agus an Dr Angela Bourke (ar an nguthán) ag plé taifeadtaí téipe a rinne Angela i 1975 d’amhránaithe ar nós Dhara Bháin ⁊ Chóilí Bháin Mhic Dhonnchadha agus Mhichael Mháire Ghabha.
- Josie Chóilí Óig Ó Cualáin ag plé mar a d’éirigh leis an dráma Níor Mhaith Linn do Thrioblóid i Meiriceá.
- Cóilí Bán Mac Donnchadha ag rá Amhrán na hEascaine a taifeadadh i dTigh Mhichael Mháire Ghabha.
- Róisín Elsafty (ar an nguthán) ag plé coirmcheoil a bhí le bheith sa gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath oíche an Luain dár gcionn chun leathchéad bliain de Ghael Linn a cheiliúradh.
- Louis de Paor ag plé an fhéile filíochta Cúirt 2004.
- Ultan Macken ag plé leabhar dánta ⁊ gearrscéalta nua, Tribe of Scribes, a réitigh an cumann scríbhneoireachta pobail i nGaillimh, Scribblers Anonymous.
- Seinntear Amhrán na hEascainne, a thaifid Angela Bourke i 1979, agus Cóilí Bán Mac Donnchadha á rá.
Beirt Maigh Eoghach, Shay Rooney ⁊ Dennis Neilis, a bhunaigh Scribblers Anonymous. Bhí cúigear fichead sa gcumann seo.
Cúrsaí an Lae
Dáta a chéad chraolta:
Uimhir chartlainne: RG080305_1(3)
Fuaimchomhad cartlainne: rg-080305-1-3_1718.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Neasa Ní Chualáin a chuir i láthair.
Sa gclár seo (in ord):
- Josie Sheáin Jeaic Mac Donnchadha, Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta ⁊ Angela Bourke ag labhairt ar Mhichael Mháire Ghabha, a bhásaigh an tráthnóna roimhe.
- Sneachta na Cásca, á chasadh ar na píobaí uilleann ag Séamus Ennis.
- Agallamh leis an nDochtúir Seosamh de Barra de chuid Alcohol Action Ireland mar gheall ar dheacrachtaí oíl in Éirinn.
- Poirt: Paddy Fahy’s ⁊ Whistle and I’ll Come to You á gcasadh ag Moving Cloud; ón dlúthcheirnín Foxglove.
- Seán Ó Foighil ⁊ Mícheál Ó hOireachtaigh ag plé an ardú a bhí tagtha ar phraghas málaí bruscair ⁊ athchúrsála Bharna Waste.
- Siobhán Ní Ghaoithín ag plé imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2005.
- Tríona Nic Giollachoille ag plé Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Ar an nguthán a labhair an triúr le Neasa.
Ard Tráthnóna
Dáta a chraolta: 2005-03-15
Uimhir chartlainne: RG150305_2(3)
Fuaimchomhad cartlainne: rg-150305_1722.s48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha a chuir i láthair.
Sa gclár seo (in ord):
- Mír ar Tess Bn Uí Chonghaile (Tess Kelly as an Máimín) ag casadh an Amhrán Máire Ní Mhongáin ag an Oireachtas i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1979. Bhásaigh Tess an tseachtain roimhe sin.
- Mír mhór ar Michael Mháire Ghabha, a bhásaigh an tseachtain roimhe sin freisin.
- Luann Máirtín gur saolaíodh Michael ar an 29ú Feabhra 1936 (Dé Céadaoin) agus go ndearna RnaG píosaí leis ar chuid dá chuid laethanta breithe.
- Casann sé mír as ceann acu seo, a rinneadh ar an 29ú Mí Feabhra 1996. Comhrá ar an nguthán idir Mháirtín ⁊ Michael atá ann. Deir Michael Pota Mór Fataí.
- Luann Máirtín gur ar an 2na Mí Márta 1976 a casadh Michael air an chéad lá riamh. Bhí Michael ag casadh ceoil thiar in Duamhach Ithir ag bainis Eilín John Mhicil ⁊ Micilín Antaine as an Doirín Glas i Leitir Móir.
- Luann Máirtín an turas ceolmhar a thug Michael, Johnny Mháirtín Learaí, Pádraic Tom Photch, Mícheál Ó Conghaile agus é féin go Boston i 1989.
- Roinneann Máirtín cuimhní cinn ar na turasanna a dhéanadh Michael go Ciarraí ag ócáidí a bhíodh ag Cumann Peile na Gaeltachta in Óstán an Hillgrove. Luann sé gur déanadh amhrán mar gheall ar na turasanna céanna.
- Luann Máirtín gurbh é Michael a bhíodh ag seinnt ceoil aitheantais an chláir Foinn agus Fógraí ar RnaG, is gurbh é an chéad chlár a raibh Máirtín féin páirteach ann.
- Luann Máirtín gur bhuaigh Michael Comórtas na bhFear ag Oireachtas 1993 agus gur bhuaigh sé arís é i mbliain a 2000 — an bhliain ar bhuaigh a iníon Caitríona Comórtas na mBan.
- Castar blaiseadh de cheol aitheantais Foinn agus Fógraí.
- Castar Mhichael ag rá Bean a’ Leanna.
- Castar cuid d’agallamh a chuir Máirtín ar Mhichael nuair a bhuaigh sé Comórtas na bhFear i 1993. Deir Michael dhá bhéarsa de Peigín Audley, an chéad amhrán a chas sé sa gComórtas.
- Castar ceol aitheantais Foinn agus Fógraí arís, is Michael á sheinnt beo ó dheas i gCiarraí. Ní cuimhin le Máirtín cén bhliain.
- Castar comhrá a bhí idir Mháirtín agus Michael ar an 10ú Mí na Samhna 2003, ar chlár mar gheall ar dhaoine a bhfuil fiacla acu is daoine mantacha. Pléann siad ‘fiacail an cheoil’ — an ceann is faide siar id bhéal, thíos. Deir Michael go bhfuil sí aige i gcónaí.
- Castar Michael ag rá Dó‑ín dú ó daighdil‑ó ag ócáid eicínt ó dheas. (I gCiarraí arís, seans.)
- Luann Máirtín gur phós Michael agus Nóra ar Lá ’l’ Padraic agus go mbeidís dhá scór agus ceithre bliana pósta arú amárach dá mairfeadh sé.
- Roinneann Máirtín cuimhní cinn ar agallamh a chuir sé ar Mhichael in aimsir na Féile Pádraic timpeall ar dheich mbliana roimhe sin. Castar cuid den agallamh, ina bpléann Michael a bhainis agus ina gcasann sé suantraí agus a ndéanann sé portaireacht bhéil. Castar cúpla véarsa d’Óra Mhíle Grá á rá ag Máire Ghabha, ag Michael is ag a deartháir Marcas. Agus castar Johnny Seoige, á rá ag Michael.
- Críochnaíonn an clár le Máirtín ag tabhairt ómóis do Mhichael agus ag déanamh comhbhróin lena mhuintir. Guíonn sé grásta agus trócaire ar anamacha Mhichael agus Tess.
Lán a Mhála
Dáta a chraolta: 2005-03-31
Uimhir chartlainne: RG310305_3(4)
Fuaimchomhad cartlainne: RG-310305-3_1761.S48
Cartlann an Acadaimh: i láthair ✓
Meaití Joe Shéamais Ó Flatharta a chuir i láthair.
Sa gclár seo (in ord):
- An Breffni Céilí Band ag casadh Ag Luascadh ar an nGeata ⁊ Molly Bán (a taifeadadh i 1996) agus An Laindéar Briste ⁊ An Gabhar sa bhFéar Glas (i 1999 a taifeadadh).
- Philip Clarke ag casadh Dabhail Bhaile Átha Cliath ⁊ Cloig St Louis (as a dhluthcheirnín nuasheolta, Down Memory Lane).
- Niamh Geoghegan ag portaireacht Iníon Nic Leoid.
- An Breffni Céilí Band ag casadh Cois na Lachan ⁊ Ríl an Fhlannagánaigh.
- David Howley, Gerard Forde, Maeve Forde, Michael Burke ⁊ Pádraig Stapleton, de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Chillín a’ Díoma, ag casadh Poirt an Tóibínigh, Port Mulhaire ⁊ Cathaoir an Phíobaire. [Cathaoir an Iarla a deir Mattie.]
- Michael Mháire Ghabha Ó Ceannabháin (a bhásaigh ag tús na míosa sin) ag rá Máire Ní Taidhg Óig*.
- Saorsholas [?] [le deimhniú]
- CCÉ Chillín a’ Díoma ag casadh, An Stuaire Stuama ⁊ Ríl Cooley ⁊ Pléaráca na Tulla.
- Grúpa ó Dhroim Leathan i mBreifne ag rá Neansaí a Stór (Comórtas Scóir, 1999).
- CCÉ Chillín a’ Díoma ag casadh Sliabh na mBan, Sally Gardens ⁊ Boic Óráin Mhóir.
- CCÉ Chillín a’ Díoma ag casadh Seachtar Fear Uasal, Teach na Sí, Iníon an Tincéara ⁊ An Leac Chloch Chuimhneacháin.
* Tá an litriú seo — Taidhg — cruinn.
