Míċeál Ó Loċlainn a dhein taighde, a dhíolaim ⁊ a scríobh na nótaí.
Céadfoilsithe: .
Gradam Shean‑nós Cois Life1993

Antaine Ó Fearracháin, Michael Mháire Ghabha,
Pádraig Ó Cearbhaill ⁊ Tom Pheaidí Mac Diarmada.
Go hachomair
Gradam bliantúil é seo, a bhronnan Sean‑nós Cois Life ar dhaoine a bhfuil éacht déanta acu ar son an tSean‑nóis. Clíona Cussen a dhear an bonn féin.
Micheal Mháire ’ Ghabha an chéad duine a ghnóthaigh é, ar an Aoine, 2 Aibreán 1993. Maidin an Luain dár gcionn, bhí píosa ar Leatsa Leagan faoi. Clár maidne raidió ar RTE Raidió na Gaeltachta ab ea é seo. Sliocht as an gclár sin atá curtha ar fáil anseo, míreanna den chlár a bhain leis an ngradam a bhuaigh Michael.
Tá achoimre ar an bplé a déanadh ar an ngradam agus achoimre ar an mbuntaifeadadh a rinne Mairéad Ní Dhomhnaill den bhronnadh sa rannóg Muintir Mháire Ghabha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Mionsonraí an chláir
- Ainm na sraithe: Leatsa Leagan.
- Láithreoir: Máirtín Jamsie Ó Flaithearta.
- Aíoanna: Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Liam Mac Con Iomaire, Michael Mháire ’ Ghabha.
- Dáta an chéad chraolta: .
- Fad an tsleachta seo: .
Creidiúintí
Gabhann Muintir Mháire ’ Ghabha buíochas le RTÉ Raidió na Gaeltachta as ucht cead a thabhairt an sliocht seo a chur ar fáil.
Comórtas Sean‑nóis Tom Pháidín Tom 1993
Go hachomair
B’í seo an tríú bliain den chomórtas, a bhíodh á reáchtáil ag an am mar chuid de Phléaráca Chonamara. (Faoi choimirce Éigse an Spidéil a reachtáiltí ní ba dheireanaí é.) Michael Mháire Ghabha a ghnóthaigh an turas seo. A iníon, Caitríona, a ghnóthaigh an bhliain roimhe sin é.
Tá achoimre ar an gclár a chraol Raidió na Gaeltachta ón gcomórtas sa rannóg Muintir Mháire Ghabha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá trí cinn d’amhráin á rá ag Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha le cloisteáil i gCartlanna Joe Éinniú — Baile Uí Laí, An Bonnán Buí ⁊ Brídín Bhéasaigh — mar aon le heolas faoi agus anailís.
Mionsonraí an chláir
- Ainm an chláir: Comórtas Sean‑nóis Tom Pháidín Tom.
- Fear a’ tí: Seán Bán Breathnach.
- Ionad na hócáide: Ceol na Mara, Baile Éamoinn, An Spidéal.
- Dáta an chraolta bheo: .
- Fad an tsleachta seo: .
Creidiúintí
Gabhann Muintir Mháire ’ Ghabha buíochas le RTÉ Raidió na Gaeltachta as ucht cead a thabhairt an sliocht seo a chur ar fáil.
Féile na nOileán
Michael Mháire ’ Ghabha ag gabháil fhoinn:
Máire Ní Taidhg Óig [sic; é seo an leitriú ceart].
Michael Mháire ’ Ghabha ag casadh ceoil:
- Tús: Daniel O’Connell.
- 1.20: Swallow’s Tail.
- 3.50: Stack o’ Barley.
- 5.59: Swallow’s Tail.
I ngléas éagsúil.
Máire Bean Uí Chéide ag damhsa. - 10.22 Swallow’s Tail.
I ngléas éagsúil eile.
An cailín a ainmníodh mar Pheigín Leitir Móir na bliana sin ag damhsa.
Michael Mháire ’ Ghabha ag gabháil fhoinn:
Liam Ó Raghallaigh.
Creidiúintí
Mary Canavan Greene a thaifead na trí fhíseán seo. Gabhann Muintir Mháire ’ Ghabha buíochas léi as cead a thabhairt iad a chur ar fáil anseo.
Eile
Tá tuilleadh taifeadtaí ⁊ eolais le teacht i dtaobh na comórtais seo ’ leanas:
- Comórtas Pheigín Leitir Móir 1984: Michael Mháire ’ Ghabha a ghnóthaigh an comórtas amhránaíochta le Máire Ní Taidhg Óig [sic; í seo an leitriú ceart].
- Comórtas Sean‑nóis Fhéile na Midhe 1985: Ghlac Michael páirt. Bean a’ Leanna an t‑amhrán a dúirt sé.
- Comórtas Sean‑nóis Fhéile na Midhe [le deimhniú] 1987: Ghlac Michael páirt. An Abhainn Mhór an t‑amhrán a dúirt sé.
- Oireachtas na Gaeilge 1993: Ghnóthaigh Michael Comórtas na bhFear. Peigín Audley an chéad amhrán a dúirt sé.
- Chomórtas Chuimhneacháin Chóilín Chliseam 1996: Ghnóthaigh Michael. An Abhainn Mhór agus Bóithre Ros a’ Mhíl an dá amhrán a dúirt sé. Dúirt sé Úna Bhán ag an deireadh freisin.
- Oireachtas na Gaeilge 2000: Ghnóthaigh Michael Comórtas na bhFear is ghnóthaigh Caitríona Mháire Ghabha Comórtas na mBan.
- Oireachtas na Gaeilge 2012: Ghnóthaigh Pól Mhichael Mháire ’ Ghabha Corn Uí Riada.


