Míċeál Ó Loċlainn a dhein taighde ⁊ a réitigh an tras-scríbhinn.
Céadfoilsithe: .
An mhír faoi bhás Mhichael Mháire Ghabha
An chéad mhír ar an gclár í seo.
Neasa Ní Chualáin a chuir an clár i láthair.
Tras-scríbhinn den chlár
Fógraíonn Neasa gur bhásaigh Michael Mháire Ghabha tráthnóna an lae roimhe sin. Deir sí go raibh ardaithne ar fud an domhain mhóir air mar charachtar spraoiúil, is go raibh cáil ar a chuid fonnadóireachta ⁊ ar a chuid ceoil freisin. Labhrann sí le triúr aíonna.
Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha
Josie, comharsa béal dorais le Michael, an chéad aoi atá aici. Deir Josie gur carachtar den chéad scoth a bhí i Michael is go n‑aireoidh siad uaidh é. Ní rabhadar ag súil lena bhás. Chuaigh Josie ag breathnú air sa teach seachtain roimhe sin agus bhí uair a’ chloig nó uair a ’ chloig go leith craic bhreá aige féin agus ag Michael ⁊ a chlann. Deir sé nach bhfaca sé gruaim ná smut ar Mhichael riamh. Ag gáire a bhíodh sé i gcónaí. D’ fhéadfadh sé a bheith beagáinín gairsiúlach nuair a d’fheilfeadh sé é — ach bhí sé in ann é a chur ar bhealach deas!
Deir Josie go mbíodh an seancheol aige; gur choinnigh sé an seanstíl ceoil a bhí ann céad bliain ó shin. Deir sé go mbíodh Michael in ann labhairt le chuile chineál duine, cé go bhféadfadh sé a bheith beagáinín cúthail amanta.
Deir sé gurb iad tigh Mháire Ghabha ⁊ tigh Sheáin Jeaic an dá theach is gaire dá chéile ar an mbaile. Cé go bhfuil tigh Mháire Ghabha san Aird Thoir ⁊ tigh Sheáin Jeaic san Aird Thiar níl eaturthu ach cúpla céad slat agus bhíodh clann Sheáin Jeaic i dtigh Mháire Ghabha seasta nuair a bhíodar ina ngasúir. Bhíodh an teach lán le daoine an t‑am sin: an t‑athair mór (an gabha), an mháthair mhór (Nainín Mháire Ní Ghríofa) [le deimhniú].
Ní hamháin go raibh stór mór amhrán ag Michael, a deir Josie, ach go raibh neart paidreacha ⁊ amhráin bheannaithe aige, cuid a fuair sé ó Mháire Ghabha, a mháthair, is ó Nainín Mháire Ní Ghríofa, a mháthair mhór. Bhíodh go leor paidreacha agus porta béil aici sin. [le deimhniú] Bhí sí dall i ndeireadh a saoil. Thagadh sí anoir chuig teach Sheáin Jeaic go minic agus ba bhreá an rud í a fheiceáil suite síos ag ite fataí agus ballachaí.
Maidir leis na hamhráin is leis an gceol a deir Neasa, mar ba dual dá mhuintir ⁊ dá mháthair roimhe, choinnigh Michael air agus thug oidhreacht dá chlann féin ina dhiaidh sin. Aontaíonn Josie, a deir go bhfuil an chuid is mó acu in ann ceol a chasadh is go bhfuil Josie [mac le Michael] ina cheoltóir ar an gcairdín chomh maith is a chloisfeá in Éírinn agus gur togha na n‑amhránaithe iad Caitríona, Bríd ⁊ cuid eile acu.
Measann sé go dtabharfadh leagan Mhichael den amhrán Baba Con Rí céad bliain nó níos mó siar thú; go ndéanfadh se jab álainn de. Ba mhaith le Josie duine éigin a fháil a chasadh chomh maith le Michael é sin ach ní cheapann sé go bhfaighfeá.
Deir Josie go n‑aireoidh daoine uathu Michael ag an Oireachtas. An áit a mbíodh sé, bhíodh slua cruinnithe ina thimpeall le haghaidh an chraic is agus ba mhaith leat a bheith ina chomhluadar le haghaidh píosa spraoi agus píosaí d’amhráin.
Meaití Joe Shéamuis Ó Fatharta
Meaití an dara aoi. Der sé go raibh aithne aige ar Mhichael i bhfad siar is gurbh fhurasta teanntás a dhéanamh air. Is cuimhin leis bliain — 1970 nó 1971, seans — go raibh an bheirt acu ag glacadh páirte i gComórtas na bhFear [ag an Oireachtas, seans]. Chasadar lena chéile tar éis an chomórtais agus cé nár thug Michael leis duais is ag gáire ⁊ ag spraoi a bhí sé. Ba mhinic gur cheart go mbeadh sé sna duaiseanna dár le Meaití agus ba cheart go mbeadh a ainm le Corn Uí Riada sna seanbhlianta sin.
Bhí Meaití i stáisiún Raidió na Gaeltachta timpeall ar dhá bhliain sular bhásaigh Michael, is é ag éisteacht le seantaifeadadh de ag gabháil fhoinn [Liam Ó Raghallaigh, seans], agus ní dóigh leis gur airigh sé aon duine ag rá aon amhrán níob fhearr ná mar a bhí sa taifeadadh sin. Ceapann Meaití gur thiar sa teach
[tigh Mháire Ghabha is dócha] a tógadh an taifeadadh.
Luann Neasa gur iomaí amhrán a chas Michael do Mheaití sa raidió [Raidió na Gaeltachta] is go raibh sé breá groíúil lena chuid ama i gcónaí
. Aontaíonn Meaití: groíúil agus croíúil
!
Níor fhear mór pleanála é Michael dar le Meaití. Dá mbeadh rud le déanamh aige ní labhródh sé air roimh ré ach go ndéanfadh sé láithreach é. Is cuimhin le Meaití turas go Gleannta Aontroma i mbliain a 1989: bhí Michael ina theannta agus bhailíodar Johnny Joe Pheaitsín ’ac Dhonncha i mBéal Átha na Sluaighe ar a ndul ann dóibh. Bhí a leithéid de chraic acu, idir fonnadóirí Iorras Aithneach agus lucht ceoil na háite: gáire, gáire, gáire; spraoi, ceol agus amhráin
!
Bhí Michael chomh maith ar an bport [ag casadh ceoil] is a bhí aige ar an amhrán agus ceapann Meaití go raibh an oiread tóir aige ar an bport ceoil is a bhí aige ar an ngabháil fhoinn.
Chuaigh Michael go Rinn Ó gCuanach in éindí le Meaití roinnt mhaith amanta [le deimhniú]. Bhí an oiread fáilte roimhe agus ómós dó ann is a bhí ag aon duine ó [Ghaeltacht na Gaillimhe] riamh. Bhí sé mór le hidir óg agus sean. Comhluadar breá i measc na n‑óg ab ea é.
Deir Meaití go bhfuil an oiread scéalta ann faoi Mhichael Mháire Ghabha go bhféadfá an clár a choinneáil ar siúl go ceann seachtaine! Baineann ceann acu le deireadh na n‑ochtóidí. Bhí ócáid amhránaíochta ⁊ ceoil eagraithe i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath. Bhailigh Meaití Tomás Mac Eoin ar an mbealach siar chuig Michael len é a bhailiú ach ní raibh deifir ar Mhichael agus faoin am ar shroicheadar Baile Átha Cliath ní raibh súil ar bith leo — agus ina dhiaidh sin féin, ní raibh deifir ar Mhichael Club na Múinteoirí a fhágáil ach an oiread! An lá arna mhárach bhí dualgais chraoltóireachta ar Mheaití i nDurlas Éile, mar a raibh dhá chluiche iomána á n‑imirt. Dúirt Michael leis go raibh coinne déanta aige le fear i Maigh Nuad agus theastaigh uaidh seasamh ann le casadh leis; rud a tharla. Ar shroisint Dhurlas Éile dóibh, bhí fhios ag Meaití nach mbeadh mórán spéise ag Michael sna camáin agus scaoil sé leis ag Óstán Hayes — an áit inar bunaíodh Cumann Luthchleas Gael! [Céad bliain [ó shin], ag an am
is a bunaíodh an cumann a deir Meaití. Más cruinn í an chuimhne sin, ciallaíonn sé gur tharla an turas i 1984 seachas i ndeireadh na n‑ochtóidí, mar is ar an 1 Mí na Samhna 1884 a bunaíodh é. Mar sin féin, b’fhéidir gur tagairt gharbh a bhí ann?] Ní túisce gur scaoil Meaití leis ná gur stop an carr; cé go raibh sé in ann é a spreagadh le dul chomh fada leis an bpáirc imeartha. Agus is i nDurlas Éile a bhíodar go dtí an Chéadaoin, is an carr cliste orthu. Ach a leithéid de spraoi a bhí acu! Chuireadar aithne ar go leor daoine i nDurlas Éile i gcaitheamh an trí lá sin.
Luann Neasa gur ar Mhichael a bronnadh an chéad Ghradam Shean‑nós Cois Life [i Mí Aibreáin 1993]. Deir Meaití gur dheas leis gur bronnadh mar go raibh sé dlite is tuillte go maith aige agus go raibh sé ina ard‑rí againn
ag Pléaráca. [Seans maith gur Pléaráca na bliana céanna atá in aigne ag Meaití, agus Comórtas Sean‑nóis Tom Pháidín Tom go háirithe. Bhí sé sin sé mhí i ndiaidh ghradam Chois Life agus b’é Michael a ghnóthaigh an comórtas.] Deir Meaití gur thaithin an onóir leis mar bhí an oiread tóir ar ócáidí onóracha. Luigh sé go breá lena chroí is thug an‑misneach dó. [Bhuaigh sé Comórtas na bhFear ag Oireachtas na Gaeilge 1993 in aimsir na Samhna.]
An Dochtúir Angela Bourke
Angela an tríú haoi. Déanann sí comhbhrón le Nóra, bean Mhichael, is lena gclann. Deir sí go mbíodh Michael an‑fháilteach agus an‑deas léi is í ina cailín óg, is í ag iarraidh amhráin a théipeáil thiar ar an Aird Thoir deich mbliana fichead ó shin. Bhíodh sí ag tógáil amhrán óna mháthair, Máire Ghabha, is óna aintín, Bríd a’ Ghabha, is nuair a thuig Michael a raibh ar siúil aici, thug sé cuireadh di dul isteach ina theach féin le taifeadadh a dhéanamh.
Bhí cúpla oíche ann nuair a tháinig Breandán Breathnach ó Bhaile Átha Cliath isteach agus Jackie Small agus bhí oíche go maidin ansin! Bhí stór mór amhrán aige ach ní raibh sé le feiceáil ag an am mar, mar a dúirt Josie, bhí sé cúthail agus sheasadh sé siar dá mbeadh a mháthair nó a aintín nó a dheartháir Marcas ag gabháil fhoinn. Ba leis an mbosca ceoil is mó a shamhlaigh Angela é an t‑am sin.
Bhí sé chomh groíúil lena chlann féin is rinne sé cúram riamh de go mbeadh oidhreacht an cheoil acu.
Fuair Angela amach de réir a chéile a fheabhas is a bhí sé mar fhonnadóir ach, níos mó ná sin, bhí tuiscint aige ar na hamhráin agus d’oidhreacht na n‑amhrán. Is cuimhin léi a bheith i Muighnis ar cuairt ag Bríd Mháire Ghabha agus nuair a bhí sí ag fágáil an oileáin bhí Michael ⁊ Dara Bán Mac Donnchadha ar chúl an chairr aici agus bhí sí ag cúléisteacht leis an gcomhrá a bhí acu faoi amhráin. Bean ollscoile í Angela ach dar léi, ní chloisfeá plé níos doimhne ná níos eolaí in aon rang ollscoile ná mar a chuala sí ansin; eolas nach raibh sna hollscoileanna ag an am; an chaoi ar cheart iad a rá agus an difir idir an chaoi a ndéarfadh duine amháin iad seachas duine eile.
Deir sí go mba intleachtóir é Michael chomh maith le bheith ina ealaíontóir.
Mionsonraí an tsleachta
- Fad an tsleachta seo: .
- Aíonna: Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Meaití Joe Shéamuis Ó Fatharta, Angela Bourke.
- Ní tras-scríbhinn focal ar fhocal í seo.
Éirim an chomhrá a thabhairt don léitheoir an fheidhm atá aici.
Mionsonraí an chláir
- Tá mionsonraí an chláir ar fáil sa rannóg Muintir Mháire Ghabha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Creidiúintí
Gabhann Muintir Mháire Ghabha buíochas le RTÉ Raidió na Gaeltachta as ucht cead an mhír seo a chur ar fáil.
