Ar scáth a chéile…
Gabhann Muintir Mháire Ghabha buíochas leis na heagrais ⁊ leis na daoine seo ’ leanas, a chuir ábhar ar fáil don chartlann…
- RTÉ Raidió na Gaeltachta.
- TG4 ⁊ Máire Aoibheann Ní Ógáin.
- Aniar TV ⁊ Áine Ní Chuaig.
…agus leis na daoine seo ’ leanas, a roinn linn a gcuid ama, a gcuid eolais ⁊ a gcuid cuimhní cinn:
- Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha.
- Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha.
- Mícheál Ó Conghaile.
- Constance Patten.
Tá ardmholadh tuillte ag triúr ban freisin, as sarobair a dheineadar sa ghort san aimsir a ghaibh tharainn. Is saibhre an chartlann seo dá barr:
- Angela Bourke.
- Mary Canavan Greene.
- Mairéad Uí Chuaig.
Go bhfága Dia an tsláinte agaibh go léir.
Gabhann an fear eagair míle buíochas le Caitríona Mháire ’ Ghabha, a dhein cúram de dhualgais eagrúcháin ⁊ riaracháin.
Is tá fíor-bhuíochas ag dul dóibh siúd atá imithe romhainn, idir chlann, cairde ⁊ comharsain. Comhluadar síoraí na n‑amhrán agus na ndán agus an cheoil go raibh acu de shíor.

Sandra Ní Fhlatharta ⁊ Michael,
mac Mhichael Mháire Ghabha.

Pól, Tom O‘Maille, Michael, Nora,
Máire Ghabha ⁊ Josie.

Yvonne ar an ngabháil aige
⁊ Nóra.
