Míċeál Ó Loċlainn a thaifead na físeáin ⁊ a dhein an tras-scríbhinn.
Céadfoilsithe: .
Mary Anne Mhichael Mháire ’ Ghabha Ní Cheannabháin
Ó ghlúin go glúin… Iníon le Michael Mháire ’ Ghabha í Mary Anne; gar‑iníon le Máire Ghabha mar sin.
Agus í ina cailín óg, chodlaíodh Mary Anne oícheanta lena Neana. Mar thoradh air sin, d’fhoghlaim sí roinnt mhaith de na hurnaithe dúchasacha a bhí ag Mamó.
Deireann Mary Anne cuid acu sin sna físeáin seo a leanas. Tá roinnt acu againn cheana féin, is iad á n‑aithris ag Máire ’ Ghabha nó ag Michael — ach abraíonn sí ceann nó dhó eile nach raibh againn roimhe sin.
Cur síos Mhary Anne ar a cuid paidreacha, go hachomair
[Tá an tras‑scríbhinn le teacht]
Mionsonraí na dtaifeadtaí
- Suíomh an taifeadta: Séipéal Mhuire, Carna.
- Dáta an taifeadta: 20 Deireadh Fómhair 2026.
- Míċeál Ó Loċlainn a thaifead.
Gabhann Muintir Mháire ’ Ghabha buíochas leis an Athair Shane O’Sullivan, an Sagart Paróiste, as cead an taifeadadh seo a dhéanamh sa séipéal.
Paidir roimh dhul a chodladh (2)*
Go mbeannaí Dia dhuit a chrois,
A bhuinneán díreach, deas,
A crann ’ chéas Críost deas.
Luathraigh do chosa an aifrinn,
Luathraigh do mhéar ar shlabhra an anama,
Oscail a chroí agus lig as a ghangaide.
Tá cheithre postaí ar mo leaba,
Go raibh cheithre aingle orthu scartha.
Má fhaighim bás anocht nó ar maidin,
Gur i bhFlaitheas Mhic Dé go raibh m’anam,
Is anam na marbh ar fad.
Tá miondifríochtaí idir leagan Mhary Anne den phaidir seo ⁊ an leagan a bhí ag Michael.
Tá an dara cuid an‑chosúil le 23. paidir le ráḋ ’san leabaiḋ in ní Ḋéisiġe (1924:16).
* É seo an teideal a cuireadh ar an bpaidir seo ar leathanach paidreacha Mhichael. Fágadh an uimhir ‘2’ ann anseo ar mhaithe le comhsheasmhacht. Níor dhúirt Mary Anne paidir roimh dhul a chodladh (1) ar an ócáid seo.
Paidir roimh dhul a chodladh (3)
Go síneoidh muid ar an taobh deas,
Go gcodlóidh muid ar an taobh clé,
An Maighdean Muire d’ár sábháilt,
Agus aingeal ón Spiorad Naomh.
Níl taifeadadh againn den phaidir seo á rá ag Máire ’ Ghabha ná ag Michael.
Iomann na Marbh
Ní iarrfainnse féin glór na hÉireann
Ach mé a ligean isteach go Teach na Féile.
In san áit nach n‑iarrfainn bia ná éadach
Ach Rí Mór na Glóire a bheith de mo éisteacht.Áiméan.
Níl taifeadadh againn den phaidir seo á rá ag Máire ’ Ghabha ná ag Michael.
Tá sé seo an‑chosúil leis an gcéad véarsa d’Iomann na Marbh in Ó Braonáin (2008:87).
Paidir ar choigilt na tine duit
Coiglímse an tine, mar a choiglíonn Críost cách.
Cuirim Bríd ina bun agus Muire ina barr.
Na chúig aingle fichid atá i bhFlaitheas na nGrást.
Go raibh clúdach an tí seo ar na daoine go lá.
Níl taifeadadh againn den phaidir seo á rá ag Máire ’ Ghabha ná ag Michael.
Paidir ar dhul amach ag obair
Trí paidreacha is seacht,
’ Chuir Muire dá mac,
’ Chuir Bríd faoina brat,
’ Chuir Mícheál faoina scéith,
Is a chuir Dia faoina neart.
Idir sinn agus olc,
Idir sinn agus bás bíge,
Idir sinn agus náire shaolta,
Idir sinn is gaotha na gcnoc,
Idir sinn agus ainsprid ar bith arís go lá.
Tá miondifríochtaí idir leagan Mhary Anne den phaidir seo ⁊ an leagan a bhí ag Michael.
Tá leagan di in uí Bhraonáin (2009:64).
