Míċeál Ó Loċlainn a dhein taighde ⁊ a réitigh an tras-scríbhinn.
Céadfoilsithe: .
Pádraic Tom Photch ⁊ Máirtín Tom Sheáinín faoi agallamh
NB: Féach ar an nóta atá i mbun an leathanaigh seo i dtaobh dátaí taifeadta ⁊ craolta.
Tras-scríbhinn den chlár
Cuireann Páraic fáilte roimh Sheán.
Fiafraíonn Seán de an bhfuil go leor den dream óg imithe as an taobh sin den tír. Deir Páraic go bhfuil. Go leor d’óige a mhuintire imithe anois; thar lear. Tá sé féin ag obair in Arramara le fiche bliain. Deir Seán, go meidhreach, go bhfuil sé in am aige dur ar thuras mar sin. Aontaíonn Páraic leis. Deir sé nach raibh sé riamh i Meiriceá. Deir sé go bhfuil clann iníon leis thall, a bhíonn anonn is anall, agus mac, agus colceathracha freisin, is go mbíonn siad ag iarraidh air i gcónaí tour a thabhairt ar Mheiriceá am éigin. Deir sé go bhfuil deartháir dá bhean ann agus cuireadh aige ón dream sin freisin ach níor cheap sé go raibh sé ceart go leor go dtabharfadh sé aghaidh air. [Ní raibh an t‑am feiliúnach.]
Luann Séan go bhfuil an oiread sin [de mhuintir Chonamara] thall anois. Aontaíonn Páraic. Chuala sé a chlann ag rá go bhfuil an go leor Gaeilge agus Gaeilgeoirí sna bearranna is chuile áit. Ach beidh sé in ann fháil amach dó féin anois: an áit sin a fheiceáil agus bualadh le muintir a phobail féin atá imithe anonn.
Deir Pádraic gur thug sé tour ar Geneva cheithre bliain ó shin, tour le Cóil Ó Maoilchiaráin, beannacht lena anam, a bhí an‑sásúil. Bhí Máirtín Tom Sheáinín leo agus Johnny Mháirtín Learaí; caillín as Carna, freisin, Dearthúir le Séamas Devane ann.
Deir Seán gur dhúirt Johnny Mháirtín Learaí leis go bhfuil an‑aithne acu go léir ar a chéile anois. Aontaíonn Páraic. Bhíonn siad le chéile go minic, sa mbaile agus chuile áit, agus bíonn seisiúin acu, idir amhráin agus ceoil.
Deir Pádraic nach mbíonn faitíos air roimh an eitileán. Bhí i dtosach. Bí faitíos air roimhe an chéad uair, nuair a chuadar chuig an Ghinéiv, bhí cineál faitíos air. Deir Seán gur dhúirt Michael Mháire Ghabha gurb é an t‑am a mbíonn sí ag éirí den talamh an t‑am is measa leisean. An t‑am a bhfuil sí ag ísliú an t‑am is measa le Páraic, mar go mb’fhéidir gurb é an t‑am a bhfuil sí ag teacht anuas an t‑am is contúirtí — mara dtiocfaidh sí anuas ceart!
Ó bheidh siad ag casadh thall, a deir Seán, tá sé chomh maith go gcasfaí rud éigin anois. Casann Pádraic Ros a’ Mhíl Cois Cuain.
Is an t‑amhrán ráite aige, deir Páraic nach gcasann sé chomh minic sin mar gheall ar a bheith ag obair. Ní chasann sé sa bhfactory ach bíonn sé ag casadh i dTigh Chadhain scaití, é féin agus Peadar Halloran. Deir sé go bhfuil scoth na namhránaithe ⁊ na gceoltóirí i bpobal Charna. Deir sé nach raibh a mhuintir chomh ceolmhar sin. Bhí a mháthair in ann beagán a chasadh an bosca ceoil, ceart go leor, ach ní uaithí sin a fuair seisean a chuid ceoil.
Uair amháin, a deir sé, is mó a bhíodh an ceol sna titheabhaí, agus damhsa tíre, agus níobh fhéidir iad a bhualadh. Bhíodh craic ann, rud nach bhfuil ann anois. Bhí go leor dá leithéid ann lena linn féin, is é ag teacht aníos. B’fhéidir go rachfá chomh fada le Ros Muc ⁊ le Camus ag ceol, cúpla oíche sa tseachtain. Comhluadar an‑mhúinte a bhíodh ann; ní tharlódh tada as bealach [le deimhniú]. Time
ar an mbaile a thugadh siad ar na hoícheanta seo. Bhíodh oícheanta thart i chuile theach. Dioscó a bheadh ann anois! Ní fheiceann sé go bhfuil aon súntas ag an dream óg atá ag teacht aníos anois don cheol gaelach. Tá sé ag a chlann féin, mar sin féin, agus síleann sé go mbeidh sé ag aon ghasúir a bhfuil sé ag na tuismitheoirí nó ag an muintir.
Ansin, tógann Páraic a chairdín aníos. Deir sé go bhfuil sé cheithre bliana d’aois agus gur dóigh gurb é an cúigiú nó an séú cheann a bhí aige. Luann Seán go bhfuil an tseamróg féin curtha ag páraic air. Deir Páraic go mbaineann sé sin leis an dturas a thugadar chuig an Ginéiv. In aimsir na Féile Pádraig a ndeachaigh siad ann agus bhíodar gléasta dá réir — cultacha, tieanna green; chuile shórt
.
Casann Páraic fonn [le deimhniú] ar an gcairdín.
[Agus an ceol críochnaithe, labhrann Seán arís. Ach deir sé go raibh an ‘clár’ seo réidh againn maidin inné
agus is léir ar nádúr na fuaime nár taifeadadh é ag an am céanna leis an gcuid eile. Seans gur mír den chlár iomlán a bhí in aigne aige. Ní luann sé dáta ach má craoladh an clár féin ar an 26ú, seans gur taifeadadh na míreanna a bhí ann sna laethanta beaga roimhe sin.]
Nuair a bhí an clár réidh, a deir Seán, thug sé a chéad chuairt oifigiúil ar Leitir Calaidh, is a léirtheoir (Seán Ó hÉalaí) á thiomáint. Luann sé droch-chaideán na mbóithre san áit sin agus na scleaganna go háirid.
Deir sé go bhfuil siad isteach ag Máirtín Tom Sheáinín, a bhfuil na málaí pacáilte aige.
Deir Máirtín go bhfuil chuile shórt réidh aige. Níl ann ach fanacht go n‑éireoidh siad sa aer! Deir sé go bhfuil taithí aige ar thaistil is go bhfuil roinnt turasanna den chineál seo déanta aige cheana. Bhí sé i Meiriceá dhá uair nó trí cheana agus bhí sé i Londain is thall sa nGinéiv. Bhí sé ar roinnt turasanna sna tíortha Ceilteacha chomh maith: Oileán Mhanainn agus mar sin…
Deir sé go raibh Páraic, Michael Mháire Ghabha ⁊ Johnny Mháirtín Learaí, a bheidh in éindí leis an uair seo, ar thurasanna ina theannta ag am éigin. Bhí sé féin ⁊ Johnny i Meiriceá agus bhí sé i Londain i dteannta Mhichael. Agus bhí Páraic thall sa Ghinéiv leis. Tarraingíonn siad go maith le chéile.
Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar‑Chonnacht, a roghnaigh an fhoireann ceoil don turas seo go Boston. D’inis sé do Mháirtin roimh Nollaig [1988] go raibh sé in aigne aige a leithéid de thuras a eagrú, le ceoltóirí ⁊ le hamhránaithe, agus bhí an‑suim ag Máirtín ann mar go raibh a leithéid déanta aige cheana le Cóilín Ó Maoilchiaráin. D’eagraigh seisean roinnt turasanna den chineál sin agus d’fhéadfá a rá gurb é a thosaigh na céad turasanna thart ansin; ag dul anonn ar dtús leis an gcumann drámaíochta agus ansin leis na hamhránaithe is leis na gceoltóirí.
Ceapann Máirtín go bhfuil i bhfad níos mó de mhuintir Chonamara i mBoston anois [1989] na mar a bhíodar ann cheana [1983]. Seans go mbeidh sé ina Ghaeltacht féin, tá an oiread acu ann, de réir mar a chloiseann sé.
Deir sé nach bhfuil mórán gaolta aige thall i mBoston, cé go bhfuil neart dá chuid cairde ann. I Chicago atá na gaolta ach ní bheidh siad ag dul go Chicago an iarradh seo.
Der sé go bhfuil clár an turais iomlán socraithe. Beidh siad ag casadh i ndeich n‑áit nó dhá áit déag. Tá dhá chuairt tagtha ag Mícheál Ó Conghaile le bliain anuas le socruithe a dhéanamh leis an dream atá ag eagrú na hallaí ⁊ na háiteanna a mbeidh siad ag ceol.
Níl Máirtín ag súil leis go mbeidh na coirmeacha ceol mór mar níl ag dul anonn ach ceathrar, agus Mícheál, ach nuair a ndeachaigh siad anonn cheanna bhí suas le dáiréag ann. Seisiúin i dtithe ósta o bhformhór na teacht le chéile a bheas acu, síleann sé — ach go bhféadfá ‘coircheol’ a thabhairt air sin freisin mar bhíodar i dtrí cinn de na háiteanna a mbeidh siad an turas seo cheana agus tá siad sin ró‑mhór le haghaidh ‘seisiúin’.
Amhráin sean‑nóis Gaeilge a bheas á gcasadh aige sin, cé gur dócha go mbeidh roinnt amhrán Béarla á gcasadh freisin. Ach síleann sé, ina dhiaidh sin féin, fur fearr leis an dream atá thall na sean‑amhráin Gaeilge a chloisteáil. Is iad a theastaigh ón lucht féachana an turas cheana.
Iarran Seán amhrán ar Mháirtín, mar bhlaise dá bhfuil le teacht, agus casann sé Amhrán an Yank.
Is an t‑amhrán ráite, deir sé go mbeidh siad ag fágáil na háite ar a deich a chlog maidin amárach. Deir Seán go mbeidh siad ag éisteacht leis an gclár seo is iad ag imeacht, mar sin. Beidh, a deir Máirtín. Deir sé go mbeidh an t‑eitealán ag imeacht ar a trí a chlog as Aerfort na Sionainne.
Fiafraíonn Seán de Mháirtín an bhfuil faitíos air roimh eitealáin. Deir sé nach bhfuil anois, ach go mb’fhéidir go mbíodh.
Cuireann Seán deireadh leis an agallamh ansin.
Dátaí taifeadta ⁊ craolta
Is féidir go bhfuil botún in áit éigean sa cháipéisíocht.
Is cinnte go dtugann cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta an 26ú Meán Fómhair (Máirt a bhí ann) mar dháta craolta don mhír seo.
Agus deimhníonn an méid a deir Johnny ag an deireadh gur ar an lá sarar éirigh an t‑eitleán a taifeadadh an dá agallamh seo.
Ach tá fhios againn, de réir iarratas Mhichael ar víosa, gur ar an 28ú Meán Fómhair (Déardaoin) a rabhadar le tuirlingt a dhéanamh i mBoston; rud a thabharfadh le fios gur éirigh an t‑eitleán ón tSionainn ar an dáta céanna. (Má fhágadar an tSionainn ar 3.00 i.n., in am na hÉireann, seans gur shroicheadar Boston timpeall ar 5.00 i.n., in am na háite thall.) Agus tá fhios againn, de réir cláir fhoirmeálta an turais, gur thosaigh na gigeanna ar an 1ú Deireadh Fómhair. Dhá lá le teacht ón eitilt ⁊ dul i dtaithí ar an aimsir áitiúil?
Dá réir seo go léir, má rinne siad tuirlingt i mBoston ar 28ú, ní fhéadfadh an 26ú a bheith cruinn mar dháta craolta. Ní foláir nó gur ar an 27ú a cuireadh Páraic ⁊ Johhny faoi agallamh is gur ar an 28ú a craoladh an clár.
Mar sin féin, cá bhfios? Tá fiosruithe ag dul ar aghaidh!
Mionsonraí an tsleachta
- Fad an tsleachta seo: .
- Agallóir: Seán Ó Conghaile (Johnny Shéamuis).
- Suíomh an taifeadta: Tigh Pháraic Tom Photch i gCoill Sáille ⁊ Tigh Mháirtín Tom Sheáinín.
- Ní tras-scríbhinn focal ar fhocal í seo.
Éirim an chomhrá a thabhairt don léitheoir an fheidhm atá aici.
Mionsonraí an chláir
- Tá mionsonraí an chláir ar fáil sa rannóg Muintir Mháire Ghabha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Creidiúintí
Gabhann Muintir Mháire Ghabha buíochas le RTÉ Raidió na Gaeltachta as ucht cead an sliocht seo a chur ar fáil.
