Míċeál Ó Loċlainn a dhein taighde ⁊ a réitigh an tras-scríbhinn.
Céadfoilsithe: .
Na taifeadtaí a rinne Angela Bourke i gCarna i 1975
An tríú ⁊ an naoú mír ar an gclár atá á gcíoradh anseo.
Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta a chuir an clár i láthair.
Bhí Máirtín sa stiúidió ⁊ Mairéad Uí Chuaig ina theannta.
Bhí an Dr Angela Bourke ar an nguthán.
Tras-scríbhinn den chlár
Iarrann Máirtín ar Mhairéad an scéal faoin taifeadadh seo a inseacht. Luann sé gur cineál timpist a bhí ann gur aimsigh sí é ar chor ar bith.
Deir Mairéad go raibh sí sa gcarr seachtain is an oíche aréir
[’Sé sin, Déardaoin, 15 Aibreán 2004] agus gur airigh sí píosa de chlár a bhí ag Robbie Hannan ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Fonn Ceoil, seans). D’airigh sí amhrán á chasadh ag Cóilí Bán Mac Donnchadha, deartháir Dhara Bháin, as Carna.
Níor airigh sí riamh roimhe sin ach aon taifeadadh amháin de Chóilí Bán. Tháinig deirfiúr le Cóilí ⁊ le Dara [Peige Bhán] abhaile ó Mheiriceá, i 1961 a shíleann Mairéad, agus b’í sin a thóg an taifeadadh a bhí cloiste aici. Ach níorbh shin é an ceann a d’airigh sí ar an raidió mar bhí ciúnas ag Cóilí le linn taifeadta Pheige ach bhí daoine ag comhrá go glórach sa taifeadadh a craoladh an oíche sin. Deir Mairéad nach síleann aon duine den chlann go bhfuil taifeadtaí eile ann de Chóilí Bán.
Isteach le Mairéad sa stiúidió maidin lá arna mhárach, is an-fhonn go deo uirthi éisteacht le téip an chláir lena dheimhniú gur Cóilí Bán a bhí ann — agus b’ ea. Chuir sí roimpi a fháil amach ó Robbie cé as a dtáinig an téip bhunaidh a raibh an taifeadadh uirthi ach bhí deacracht ag baint leis sin. Ní raibh aon bhileog faisnéise istigh leis an téip sin agus ní raibh ’ fhios ag Robbie tada ach gur Coláiste na Trionóide a chuir amach sna 1970idí í: Scéal Amhrán Ceilteacha.
Rinne Mairéad teagmháil le Hugh Shields, a bhíodh ina ollamh sa gcoláiste, agus le Cathal Goan, a léirigh an téip, agus thriail sí Ceirníní Cladaigh, Oisín Records agus Cló Iar‑Chonnacht fiú, ach ní raibh rath ar a cuid fiosruithe. Ansin, thriall sí Nicholas Carolan ag Taisce Cheol Dúchais Éireann… agus ghlaoigh sé sin ar ais uirthi tráthnóna Dé hAoine seo caite
[16 Aibreán 2004].
B’é a spéis ná cé a thóg an téip — nó an raibh tuilleadh ann! Fuair sí amach gurbh í an Dochtúir Angela Bourke (Angela Partridge, tráth an taifeadta) a rinne an taifeadadh. Rinne Mairéad teagmháil léi sin agus tháinig Angela ar ais chuici inné
[22 Aibreán]. Dúirt Angela léi gur thóg sí sé chinn nó seacht gcinn d’amhráin ó Chóilí Bán an uair sin.
Is ag an bpointe sin a thugtar Angela isteach sa gcomhrá. Deir sí go raibh sí ag cruinniú amhrán i gCarna do Bhreandán Breathnach, a raibh tionscnamh mór ar siúl aige á gcruinniú don Roinn Oideachais, i 1975. Bhí Angela ina cónaí i Roisín na Maithníoch ag an am agus thug sí a haghaidh siar ar an Aird Thoir, mar a raibh Máire Ghabha, a deirfiúir Bríd, agus Michael.
Oíche áirithe, bhí slua mór bailithe i dtigh Mhichael, agus Dara Bán ⁊ Cóilí Bán ina measc — agus cuid de thoradh na hoíche na téipeanna sin.
Deir sí nach bhfuil siad aici a thuilleadh ach go bhfuil siad ar coimeád i Rannóg an Cheoil Dúchais, Roinn Bhéaloideas Éireann, sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Choinnigh sí a cuid nótaí scríofa, mar sin féin.
Luann Máirtín gur minic a dúirt Dara Bán gurb fhearr é Cóilí mar fhonnadóir ná eisean. Freagraíonn Angela go raibh an bheirt acu go maith. Luann sí nár craoladh fonnadóireacht Dhara ar an raidió fós i 1975 agus go raibh sé an‑tógtha lena fheabhas is a bhí sé. Thóg sí ní ba mhó amhrán ó Dhara ná ó Chóilí mar ba chúthaile eisean ná Dara. Ní bhíodh sé i láthair, fiú, ach nuair a bhí comhluadar amhrán a raibh aithne aige orthu bailithe isteach, is iad ag gabháil fhoinn.
Luann Angela gur thug Breandán Breathnach deic téipe mhór mhillteach spól go spól Uher di leis na taideadtaí a dhéanamh agus go mbíodh sí á tabhairt sin [agus na spóil, gan dabht] timpeall na háite léi ar a drom, is í féin ag imeacht ar sheanrothar. [Mar a tharla, Uher an branda ceanann céanna deice a bhí i gceist le mant an 18½ neomat le linn scannal Watergate!]
Deir Angela gur thaifead sí go leor — os cíonn scór téipeanna, is iad fada go leor — is go bhfuil sin anois ag Taisce Cheol Dúchais Éireann. [Seans maith gur cion focal a bhí ansin, ó luaigh sí roimhe sin gur i Rannóg an Cheoil Dúchais, Roinn Bhéaloideas Éireann atá siad.] Tá bailéid i mBéarla orthu agus amhráin faoi bháid, na hamhráin mhóra agus amhráin áitiúla. Aithníonn sí go raibh an t‑ádh léi a bheith in ann iad a bhailliú ó na daoine céanna ónar bhailligh Séamus Ennis amhráin daichead bliain roimhe sin.
Luann Máirtín gur ‘ón tobar’ a fuair sí iad; ó dhaoine a raibh siad acu ón dúchas is ón nádúr. Ní ó leabhair a d’fhoghlaimíodar iad. Deir Angela nár luaigh sí féin aon leabhar leo mar go mbeadh an‑droch mhuinín acu aisti dá luadh!
Measann Angela gurbh é Cóilí Bán an fonnadóir ab fhearr dár chuala sí an tráth sin; cé go raibh Dara Bán an‑an‑mhaith. Deir sí go raibh ceol éigin i gcloigeann Chóilí nár chuala sí ag aon duine eile — cé go bhfuil an‑mheas go deo aici ar a chuid comharsana. Agus deir sí go mbíodh an‑fháilte acu sin roimhe nuair a déarfadh Cóilí amhrán.
Glacann Máirtín buíochas le Mairéad Uí Chuaig as a cuid fiosrachta, a dhúisigh an scéal uilig agus déanann sé iontas an bhfuil deireadh leis an scéal sin fós. Deir Angela go raibh sí ag éisteacht ar maidin leis an téip a fuair Mairéad is go bhfuil Seán a’ tSeaimpín, [a bhí caillte faoi sin] ó Roisín na Maithníoch uirthi. Deir sí go raibh siadsan [í féin agus Karl Partridge, a fear céile ag an am] i dteach leis ar cíos an uair sin. Tháinig Seán siar in éindí leo ar na feachtais taifeadta sin. Measann sí gur dóigh go bhfuil Michael Mháire Ghabha féin ar an téip chéanna — ag gríosadh Chóilí.
Deir Máirtín, go meidhreach, go raibh Michael óg an uair sin. Deir Angela go bhfuil sé cúpla bliain níos sine ná í féin. Deir sí go raibh Caitríona Mhichael Mháire Ghabha ann freisin, is í ina caillín óg. [Tá cuimhne Angela amú sa chás seo, áfaigh. I Mí na Nollag na bliana sin a rugadh Caitríona. Measann Caitríona gurbh í a deirfiúr Bríd a bhí ann.]
Luann Mairéad go bhfuil Marcas Mhaidhc Tomanaí ar an téip, is go bhfuil sé sin beo i gcónaí. Beo, láidir a deir Máirtín! Deir Mairéad gur colcúigear le Michael Mháire Ghabha é. Seolann Angela a beannacht chuige.
Léann Máirtín teidil chuid de na hamhráin atá ar an téip: Cailín Scoth na Luachra [ionann é seo agus An Binsín Luachra, seans], Máire Ní Mhongáin, Úna Bhán, Casadh an tSúgáin, Bainis Timín Joe, Amhrán na hEascainne… Deir sé go bhfuil píosa den amhrán sin acu le craoladh ach go bhfuil Príomhscéalta na Nuachta ag breith orthu. Ach geallann sé go scaoilfidh siad amach é roimh dheireadh an chláir ar a leathuair tar éis a deich. Deir sé gurb é Cóilí Bán atá á rá. Coinneoidh siad an fíon maith go dtí an deireadh!
Fiafraíonn Máirtín d’Angela céard atá ar bun aici i láthair na huaire. Deir sí go bhfuil sí ag léachtóireacht le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile [Baile Átha Cliath]. Fiafraíonn sé di cá bhfuair sí a cuid Gaeilge. Deir sí gur thiar i gCarna a fuair sí cuid mhaith di; i nDumhaigh Ithir. Seanmháthair Neasa Ní Chualáin [a bhí ina láithreoir in RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an am] a mhúin cuid mhaith di, agus a seanathair [le deimhniú]. Johnny Simon a’ Mhéara i Roisín na Maithníoch, freisin, mar mhúinteoir nuair a bhí Angela ann ina gaeilgeoir.
Ní i ngan fhios don saol atá Angela ann a deir Máirtín. Glacann sé buíochas le Mairéad arís.
Luann Mairéad go bhfuil Máirtín Ó Cadhain ar cheann de na teipeanna freisin, is e ag aithris focal amhráin mar phíosa filíochta. Níor chuala sí fós é sin ach go bhfuil sí ag súil leis.
Cuireann Máirtín deireadh leis an mír, á fhógairt go bhfuil sé in am do nuacht a deich.
[Timpeall ar 10 neomat isteach sa mhír atáimíd faoi seo. Tá an chuid den taifeadadh idir fhógairt na nuachta agus cur i láthair Amhrán na hEascainne, a seinneadh timpeall ar 10.12 r.n., gearrtha amach anso.]
Deir Máirtín go bhfuil fhios aige go bhfuil daoine thiar i gceantar Charna ag fanacht leis an taifeadadh seo agus meabhraíonn sé don lucht éisteachta céard atá ann. Luann sé go bhfuil an taifeadadh glórach, á rá nach raibh Raidió na Gaeltachta i bhfad ar an bhfód an uair sin is nach raibh an oiread sin taithí ag daoine ar mhicreafóin a bheith i láthair ag ócáidí den chineál sin.
Ansin, cuireann sé Cóilí Bán agus Amhrán na hEascainne i láthair.
Mionsonraí an tsleachta
- Fad an tsleachta seo: .
- Aíonna: Mairéad Uí Chuaig, Angela Bourke.
- Amhrán cartlainne: Chóilí Bháin Mac Dhonnchadha.
- Ní tras-scríbhinn focal ar fhocal í seo.
Éirim an chomhrá a thabhairt don léitheoir an fheidhm atá aici.
Mionsonraí an chláir
- Tá mionsonraí an chláir ar fáil sa rannóg Muintir Mháire Ghabha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Creidiúintí
Gabhann Muintir Mháire Ghabha buíochas le RTÉ Raidió na Gaeltachta as ucht cead an mhír seo a chur ar fáil.
