Míċeál Ó Loċlainn a réitigh.
Céadfoilsithe: .
Muintir Mháire ’ Ghabha ⁊ an urnaí
Chreid Máire ’ Ghabha ⁊ Michael Mháire ’ Ghabha go láidir san urnaí agus tá idir thaifeadtaí fuaime ⁊ físe againn sa chartlann seo, ina bhfuil siad ag rá paidreacha dúchasacha Gaeilge.
- Thug Máire urnaithe d’Angela Bourke nuair a bhí sí ag bailiú ⁊ ag taifeadadh amhrán i gceantar Charna i 1975.
- Thug Michael trí cinn a fuair sé ó Mháire do Mháirtín Tom Seáinín ar an gclár teilifíse Comhrá i 2003.
- I nDeireadh Fómhair 2026, thug Mary Anne Ní Cheannabháin, gar‑iníon le Máire ’ Ghabha, urnaithe a fuair sí óna seanmháthair do Míċeál Ó Loċlainn. I Séipéal Muire i gCarna a deineadh an taifeadadh ar an ócáid sin.
Tá tuilleadh taifeadtaí — den cheathrú glúin — á réiteach fé láthair.
Urnaithe Gaeilge: tuilleadh léitheoireachta
- Ní Ḋéisiġe, S., eag. (1924) Paidreaċa na nDaoine. Baile Átha Cliath: Clólucht an Talbóidiġ.
- Ó Braonáin, S., eag. (2008) Feac do Ghlúin. Cois Fharraige: Paróiste an Chnoic.
- Ó Fínneadha, L. (1993) Ó Bhaile go Baile. Cois Fharraige: Cló Iar‑Chonnachta.
- uí Bhraonáin, D., eag. (2009) Paidreacha na Gaeilge, 2na cló. Baile Átha Cliath: Cois Life.




