Míċeál Ó Loċlainn a thaifid, a chuir in eagar ⁊ a réitigh na tras-scribhinní.
Céadfoilsithe: .
Teacht le chéile na gcarad i dTigh Mhichael Jack
Ar , seacht mbliana is tríocha tar éis an turais ‘A Taste of Connemara’, bhuail Johnny Mháirtín Learaí, Máirtín Tom Sheáinín, Constance Patten ⁊ Caitríona Mháire Ghabha le chéile, cois teallaigh i dTigh Mhichael Jack in Eanach Mheáin, le dreas cainte a dhéanamh, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe.
An comhrá, go hachomair
Beannaíonn Caitríona do Chonnie, a deir go bhfuil sí ag teacht chuig an Spidéal ón mbliain 2011 i leith. I 1989 ar thug sí a chéad cuairt ar Chonamara — is ar Éirinn, go deimhin. Cara léi, Risteárd Mac Aodha ó Leominster, Massachusetts, a spreag í le teacht. Chas sí air ag seisiún ceoil i mBoston. Bhí Gaeilge foghlamtha aige agus luaigh sé Conamara léi. Ba ghairid ina dhiaidh sin a chuir sí aithne ar Johhny, ar Mháirtín, ar Mhichael is ar Phádraic, is iad ar thuras ‘A Taste of Connemara’. [Bíonn Connie in Éirinn go minic agus is minic i láthair ag seisiúin ceoil i gConamara í.]
Is cuimhin le Connie go raibh diabhalaíocht in Michael is is cuimhin lé é ag baint spraoi as línte áiride d’An Seanduine Dóite.
Fiafraíonn Caitríona de Johnny Mháirtín Learaí an cuimhin leis an chéad uair ar chas sé ar Chonnie. Le linn ‘A Taste of Connemara’ a deir sé. Deir sé go raibh Connie an‑deas leo. Bhíodh sí á dtabhairt timpeall sa gcarr agus réitigh sí dinnéar ina teach féin dóibh cúpla uair.
Deir Johnny go ndeachaigh sé go Meiriceá [is go Boston] den chéad uair i 1983 i dteannta Chóilín Uí Mhaoilchiaráin, a d’eagraigh an turas sin. Bhí timpeall ar chúigear déag ar an turas. Bhí Máirtín Tom Sheáinín ina measc, mar aon le Sarah Ghriallais, Colm Mellett [Colm Ó Méalóid] as Rath Cairn, Pádraic Chóil Neaine Pháidín [Mac Donncha; as Rath Cairn] agus a bhean [Mairéad, as Corca Dhuibhne].
Deir Johnny gur chaith a mháthair seal i mBoston, is go mbíodh a athair ag obair i bPortland, Maine [sarar rugadh é]. Chaith comharsana béal dorais leo [i gCarna] seal i mBoston leis. Lá mór ina shaol — 1 Meán Fómhair, measann sé — nuair a thuirling sé ón eitleán ag Aerfort Logan.
Luann Johnny dhá theach tábhairne inar chasadar ceol i 1989: an Emerald Isle agus The Blarney Stone. Deir sé go rabhadar san Emerald Isle ar an Domhnach [8 Deireadh Fómhair] óna 3.00 tráthnóna go dtína 9.00 [cé gur 3.00 go 8.00 a tugadh ar chlár an turais] is go raibh neart de mhuintir Chonamara ann. Deir Máirtín go raibh slua mór ann, is gurbh amhlaidh a bhí gach uair a ndeachaigh siad sall. Is amhlaidh a bhí i 1983 freisin.
Deir Máirtín Tom Sheáinín gur i Meiriceá a rugadh a mháthair; i bPittsburgh, Pennsylvania. Ní dheachaigh siad ansin i 1983 ná i 1989 ach chuaigh sé ann leis féin ina dhiaidh sin. Deir sé gur Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar‑Chonnacht, a d’eagraigh turas 1989 uilig. Bhí iníon le Pádraic Tom Photch, Mary Ann, thall ann ag an am nó go mb’fhéidir go raibh beirt iníon leis ann. Bhí dinnéar acu i dteach Mhary Ann ar an Domhnach [le deimhniú; cé acu Domhnach?].
Domhnach eile, a deir sé, chuadar síos i lár an lae go New Hampshire. [Turas breise é seo. Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair, a thug an clár foirmeálta go New Hampshire iad; in ‘House & Porch’, Beck Road, Loudon, a bhíodar ag casadh, óna 8.00 i.n., go dtína 11.00 i.n.] B’í Connie a thug ann iad. Pádraic Tom Photch a bhí chun tosaigh agus Máirtín, Michael ⁊ Johnnie thiar ar chúl. Thaistil Mícheál Ó Conghaile leis féin. Lá mór a bhí ann, agus go leor daoine ó thaobh Aill na Brón i láthair. Luann sé clann Mhorgan. Bhí Johnny ag ól beorach as juga mór ar glaodh schooner air. Bhí sé ag iarraidh é seo a choinneáil mar chuimhneachán agus thug an bhean fhreastail dó é. Ach nuair a thug sé leis é go dtí an Emerald Isle nár chaill sé é? Bhí an‑chaitheamh ina dhiaidh aige.
Luann Máirtín go rabhadar i dteach Chonnie; gur thug sí chuig dinnéir iad.
Deir Johnny gur sheasadar san Emerald Isle tráthnóna éigin eile.
Deir Máirtín go rabhadar i dhá áit an Domhnach a rabhadar i New Hampshire is gur san Emerald Isle a bhíodar san oíche. Fiafraíonn Caitríona de an cuimhin leis ainm an dara tí agus freagraíonn sé láithreach í: Dirty Nelly’s / Durty Nelly’s [le deimhniú]. [Níl an áit seo luaite ar an gclár foirmeálta. Turas breise eile a bhí ann, seans.]
Deir Máirtín go rabhadar i dhá choláiste. [Níl luaite ar an gclár ach aon cheann amháin. Is cuimhin leis daoine ag ithe in aice leo i gceann acu; b’shin Wannalancit Mills, is ró‑dhócha.]
Deir sé go rabhadar ar stáisiún raidió. [Níl a leithéid luaite ar an gclár foirmeálta. Socrú breise ar an dtoirt, b’fhéidir?] Dúradar cúpla focal is chasadar cúpla fonn ach ní cuimhin leis cén stáisiún a bhí ann.
Is cuimhin leis gur chasadar in aon áit déag uilig ar an turas sin, agus gan acu ach amhráin is boscaí ceoil.
Deir Johnny go rabhadar sa Kennedy Library [An John F. Kennedy Presidential Library and Museum é seo is ró‑dhócha. Níl sé luaite ar an gclár foirmeálta. Socrú breise eile?].
Luann Connie go raibh a tuismitheoirí i láthair uair nuair a bhíodar ar an ardán. Ní cuimhin léi cén oíche ach is ó Nua Eabhrac a tháinig siad agus gur deireadh seachtaine a bheadh ann dá réir.
Luann Johnnie go raibh sé i bhFlorian Hall gach uair dá raibh sé i mBoston. [Níl Florian Hall luaite ar chlár foirmeálta an turais — cé go bhfuil ’ fhios againn go cinnte gur chas an ceathrar le chéile ann i 1989.]
Luann Caitríona go bhfuil Connie, a fear céile agus a gcuid gasúr le feiceáil i gceann de na físeáin a thaifead Mary Greene. [San Emerald Isle a bhíodar. Féach ar Emerald Isle: ríleanna ⁊ damhsa, timpeall ar 3.17.]
Luann Caitríona gaolta léi a bhí i mBoston aimsir an turais: Micilín Gaora agus Máirtín Phádraic Bheartla Ó Conaire. Is cuimhin le Máirtín iad agus luann sé daoine eile a bhí thall ann: Éamonn King — Mac an Rí — agus Peige Bhán Mhic Dhonnadha; deirfiúir le Dara Bán. Bhí Stíofán Tommy Gríofa, an fear a bhíodh ag casadh an cheoil do Máirtín ar Thogha is Rogha, in éindí leo ar an oíche dheireanach [Dé Domhnaigh an 8 Deireadh Fómhair, san Emerald Isle]. Bhí banna ceoil dárb ainm Cillín aige. Síleann Máirtín gur chaith Stíofán tamall maith roimhe sin ag ceol leis na Henrys as Maigh Eo. Noel Henry duine acu sin. Bhí Stíofán ⁊ a bhanna ag casadh roimh an gceathrar ar an oíche sin.
Deir Máirtín go rabhadar i bhFlorian Hall i 1983 freisin agus gur chuireadar idir ceol agus drámaí i láthair.
Luann sé Concannon’s Village [mar ar rabhadar Déardaoin an 5ú] agus Tommy Concannon, a bhunaigh é. [Seo Thomas F. Concannon, an t‑aon pháiste a bhí ag Thomas ⁊ Mary (Flaherty roimh phósadh di) as Contae na Gaillimhe. Bhásaigh é in Aibreán 2026 (Kraw-Kornack Funeral Home; an Norwood Record).] Luann sé bean Tommy, arb as Cnoc an Dua di. [Seo Mary Ann Ní Chéide, atá ina beatha i gcónaí i, is é seo á scríobh i 2026.] Iníon í seo le Tom Bhill [Ó Céide]. Deir Máirtín go mbíonn deartháir léi i dTigh Mhichael Jack chuile Dhomhnach ag caitheamh saighead, agus mac deartháir léi, Diarmuid Ó Céide. Aintín í le Jo Ní Chéide, craoltóir a bhíonn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is ar an teilifís.
Deir Máirtín go raibh Mícheál Ó Conghaile ag fiafraí de mar gheall ar thuras 1983 nuair a bhí sé ag pleanáil turais 1989 agus go ndearna sé teagmháil le leithéidí Concannon’s Village ⁊ an Emerald Isle agus gurbh as sin a chuaigh sé i dteagmháil leo. Deir sé gur aithris Mícheál píosaí dá chuid filíochta in áit nó dhó ar thuras 1989.
Fiafraíonn Caitríona de Mháirtín ar fhill sé ar aon cheann de na háiteanna ina rabhadar i 1989. Deir sé gur fhill sé ar Choncannon’s Village is ar Fields Corner (mar a bhfuil an Emerald Isle ⁊ an Blarney Stone) — ach go bhfuil an áit athraithe is nach muintir Chonamara atá anois ann.
Deir sé gur bhreá iad an dá thuras is go bhfuil áthas air iad a bheith déanta aige mar caolseans go ndéanfadh sé anois é.
Cuireann Caitríona deireadh leis an gcomhrá, á iarraidh ar Mháirtín Peigín Leitir Móir a rá — rud a dhéanann. Tagann an triúr eile isteach á thionlacan.
Mionsonraí an taifeadta
- Dáta an taifeadta: .
- Suíomh an taifeadta: Tigh Mhichael Jack, Eanach Mheáin, Conamara, Contae na Gaillimhe, Éire.
- Fad an taifeadta: .
- Scannánaíocht ⁊ eagarthóireacht: Míċeál Ó Loċlainn.
Scéal Teaghlaigh ó Mháirtín Tom Sheáinín
Le linn an chomhrá, spreagadh Máirtín le beagán de scéal a mhuintire féin a roinnt linn, chomh maith le cuimhní ar nithe a bhfaca sé thall i Meiriceá ⁊ anseo in Éirinn. An chuid sin den chomhrá atá sa bhfíseán seo leanas.
An comhrá, go hachomair
Nuair a d’fhill Máirtín ar Bhoston, tar éis turas 1989, d’fhan sé le Bríd Seoighe, bean as Leitir Calaidh, a bhaile féin. Bríd Mhuirne í seo — Bríd O’Toole tar éis di pósadh (phós sí fear as Camus). I Saint William Street a bhí sí. Ag an am sin bhí, b’fhéidir, cúig líon tí as ceantar Leitir Calaidh ina gcónaí sa gceantar sin. Leithéidí chlann Phatsy Chóil [ldc]. Aon bhean amháin acu atá beo anois. Bheadh Máire ⁊ Ned [ldc] i Sasana ach chuaigh an chuid is mó acu go Meiriceá. Ceapann Máirtín go raibh deichniúir acu ann. Luann sé Seán Phatsy, fear spraoiúil a bhí in éindí leo ann. Ní raibh sé go minic i mBoston ó shin ach bhí sé thall i Chicago; faoi dhó, b’fhéidir.
Chuaigh sé anonn i mbliain an 2000 go Pittsburgh, Pennsylvania, an áit ar rugadd a mháthair. Bhí an pas a bhí aici ag teacht anall i 1928 aige. ‘Beech View’ cuid den seoladh a bhí scríofa sa bpas. Shíl Máirtín gur ‘Beach View’ a bhí i gceist i dtosach. Ceart go leor, coillte a bhí mórthimpeall ar an áit seachas tránna. I 1915 a rugadh í. B’as Inis Treabhair dá máthair agus b’as Leitir Calaidh dá hathair sin. Bhí sí trí bliana d’aois nuair a bhris an Fliú Spáinneach amach. Fuair bean Inis Treabhair agus beirt iníon léi bás, mar aon le ceathrar colceathracha agus seisear gaolta eile. Bhásaigh triúr déag nó cúigear déag den mhuintir taobh isitgh de mhí, timpeall ar mhí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna 1918. Máthair Mháirtín agus a hathair an t‑aon bheirt a mhair. Thóg a cuid aintíní í.
Nuair a bhí sí timpeall ar dheich mbliana d’aois nó trí bliana déag d’aois tháinig sí féin agus a hathair anall go hÉirinn; abhaile go dtí an Sruthán Buí. Chuaigh sí ar scoil i Leitir Calaidh; rud a bheadh dian ar chailín óg as Meiriceá nach raibh focal Gaeilge aici, is gan focal Béarla ag na gasúir eile.
Níor labhair sí mórán ar ar tharla i Meiriceá riamh ach dúirt sí le Mháirtín gur insíodh di gur cuireadh an deirfiúirín [ab óige?] síos sa gcónra i dteannta a máthar. Bhí Máirtín féin thuas ag an reilig nuair a bhí sé thall agus chuireadar tuairisc. Ní raibh ann ach dhá uaigh, cé go mba cheart go mbeadh trí cinn ann. Is amhlaidh gur cuireadh an deirfiúir eile síos ina h-uaigh féin ach ó cuireadh an deirfiúirín eile sa gcónra lena máthair. Níl acu sin ach an t‑aon uaigh amháin.
Nuair a bhí máthair Mháirtín timpeall ocht déag nó naoi déag d’imigh sí go Sasana agus is thall ansin ar casadh Tom Sheáinín, athair Mháirtín, uirthi. B’as Eanach Mheáin do Thom. Thall a phósadar agus is ann a rugadh Tommy, an deartháir is sine le Mháirtín. Tháinig siad abhaile sala raibh Tommy bliain d’aois; timpeall 1939, seans. Bhí athair na máthar beo i gcónaí an uair sin (mhair sé go timpeall 1951) agus chuaigh siad chun cónaithe i Leitir Calaidh.
Chaith athair Mháirtín bliain agus fiche ag dul anonn is anall ar an mbeet. Bhíodh sé leath na bliana ar an mbeet, geall leis, ó Mheán Fómhair go deireadh mhí Eanáir. Ceannaitheoir beithíoch ab ea é an chuid eile den bhliain. Bhíodh fear ag teacht aníos as Bhaile Chathail ag ceannach beithíoch uaidh.
Dhá bhliain, b’fhéidir, tar éis dó a theacht anall, bhíodh sé ag plé le hadhlacóireacht chomh maith. Tá leabhar a choinnigh sé sa mbaile ag Máirtín agus ainm seasca is a cúig duine uirthi: na daoine a chuir sé. An chéad duine a cuireadh i 1942, bean a bhí inti agus cuireadh i reilig Leitir Móir í. Níl sé an fhad sin ó bhí Máirtín féin ag baint le sochraid agus an té a cuireadh, níl sí curtha ach dhá uaigh suas ón mbean sin.
Bhí cúigear ar fad i gclann Mhairtín. Tá Johnny ⁊ Cóilín caillte. Níor lean na leads eile ar aghaidh leis an adhlacóireacht.
Rud suimiúil mar gheall ar leabhar Tom Sheáinín: níl duine ar bith sa leabhar idir Meán Fómhair agus Eanáir — is tá ’ fhios ag maith ag Máirtín gur cailleadh daoine — ach bhí Tom Sheáinín thall ar an mbeet an chuid sin den bhliain!
An tuiscint atá ag Máirtín ná nach raibh capall sa teach riamh ach asal. Carr agus asal a bhí ag Tom Sheáinín, is é ag déanamh an obair adhlacóireachta. Is níl aon ghrianghraf den charr ann ach tá picitúr de in intinn Mháirtín ó Tom a’ tSeoighe. [Bhí sé seo beo i gcónaí nuair a taifeadadh an comhrá seo, thiar i dteach altranais Charna, ach bhásaigh sé seachtain nó mar sin sular seoladh an chartlann seo.] Bheadh Tom a’ tSeoighe dhá bhliain déag d’aois i 1942, nuair a thosaigh Tom Sheáinín ar an obair sin. Len é a ghléasadh do shochraid, chuireadh Tom Sheáinín clár (a bhí, b’fhéidir, 8′ faoi 4′) isteach sa gcarr asail, agus éadach bán os a chionn. Is chuireadh sé fráma — ballaí agus díon — in airde air, is é sin clúdaithe le héadach bán. Agus b’shín é an carr céanna a bhíodh ag dul ag tarraingt féir agus móna agus chuile shórt eile lá arna mháireach. Chonaic Tom a’ tSeoighe é sin agus d’inis sé do Mháirtín é. Dúirt Tom le Máirtín go raibh dhá asal acu: asal glas agus asal dubh is gurb é an t‑asal dubh an t-undertaker.
Tháinig feithiclí mótarghluaiste isteach mar eileatraim ní ba dheireanaí agus chuirtí an cónra os cionn an…
[ní críochnaíonn Máirtín an ráiteas ach is léir gur ‘ar an díon’ atá in aigne aige]. Chonaic Johnny é sin agus chonaic sé capaill ⁊ asail ag tarraingt cónraí freisin. Chonaic sé cónraí baile á ndéanamh. Nuair a chailfí duine, théití soir go Carna, ceannaítí cláir [adhmaid] agus bhíodh daoine stuama ar an mbaile, a bhíodh ag déanamh tithe, agus is iad a dhéanadh an cónra. Ní rachadh an cónra go teach an phobail an uair sin ach díreach chuig an reilig. Chonaic sé trapanna á n‑úsáid freisin. [Cairr capaill/asail é trap, is dhá roth air. Cheithre roth a bheadh ar ghnáthcharr.] Fileann Máirtín ar eleatraim mhótarghluaiste agus deir sé gur thuas ar an gcarrier a iompraítí an cónra — cineál roof rack, mar a deir Connie. Ní ba dheireanaí fós, tháinig cairr eastáit isteach agus nuair a d’úsáidtí iad sin mar eileatraim, b’fhéidir go mbíodh cúpla troigh den chónra ag gobadh amach as deireadh an chairr. Is ina dhiaidh sin a tháinig an t-eileatram mótarghluaiste saindéanta isteach. Deir Máirtín go raibh siad sin sna bailte móra i bhfad sular tháinig siad go Conamara.
Deir Máirtín go bhféadfadh duine a bheith ar chuile bhaile a thabharfadh an té a bhásaigh go teach an phobail. Bhíodh a athair á dhéanamh thiar i Leitir Móir ⁊ Leitir Calaidh, mar aon le Béal a’ Daingean. Ach dá bhfaighfeadh duine bás sa teach seo, b’fhéidir go mba é an comharsa béal dorais a thabharfadh chuig an reilig é. Ceapann sé go mb’fhéidir gurb shin an chaoi a mbíodh Tom Sheáinín á dhéanamh i dtosach mar níl ar an leabhar a luaigh sé ar ball ach ainm an duine a bhásaigh agus an dáta a cailleadh é. Níl aon rud ann faoi airgead. I mBéarla a bhí name ⁊ date mar cé nach raibh mórán Béarla thart an uair sin bheadh méid áirid de ag Tom Sheáinín de bharr an tréimhse a bhí caite aige ag obair i Sasana is bheadh Béarla maith ag a mháthair ó tógadh i Meiriceá í.
Deir Máirtín gur i nGaeilge a rinneadh chuile rud ar scoil nuair a bhí seisean óg ach amháin aiste Béarla in aghaidh na seachtaine agus go raibh advantage beag aige féin de bharr Béarla a bheith ag na tuismitheoirí. Mar sin féin, a deir sé, ní bheadh dóthain Béarla aige le go bhféadfadh sé bheith páirteach i gcomhrá Béarla go dtí go raibh sé trí bliana déag d’aois.
Deir Máirtín, nuair a chuimhníonn sé siar, go mbíodh go leor seafóide á múineadh dóibh sa scoil. Ní hé go bhfuil drochmheas aige ar mhúineadh ábhair a bhaineann leis an saol mór domhanda ach go mba chóir rudaí a bhaineann leis an saol áitiúil a mhúineadh freisin.
Tugann sé Gaeltacht Rath Chairn mar shampla de sin. I mbliain a 1935, d’fhág slua mór daoine Conamara le dul go Rath Cairn agus tá an ball sin ina Ghaeltacht i gcónaí — ach ní raibh fhios aige tada faoi. Is é ag dul ar scoil sna 1960idí ní raibh fhios aige go raibh Gaeilge in aon áit taobh amuigh de Chonamara. Bhí béim ar Theagasc Críostaí, mar sin féin!
I 1973 bhí sé 17 mbliana d’aois, is é fásta a dhóthain le go raibh sé in ann a bheith ag obair i dteach tábhairne (Tigh Mhichael Jack féin, faoi mar a tharlaíonn, é ag obair do John Mhichael Jack is dá bhean Lucy) — is ní raibh fhios aige fós go raibh Gaeltacht Rath Cairn ann. Sé bliana ina dhiaidh sin, i 1979, is é 23, chuaigh sé go Rath Cairn don chéad uair. Níor múineadh tada faoi Cholm de Bhailís ná faoi Raiftearaí a deir sé. Níor casadh aon amhrán sa scoil ⁊ níor labhradh faoi cheol.
Measann sé gur i dTigh Mhichael Jack a fuair sé amach faoi Rath Cairn, sna blianta idir 1973 is 1979, is daoine a bhí ar cuairt ag teacht isteach ag labhairt Gaeilge [dhúchasach] is ag rá gurbh as Contae na Mí dóibh. Ag Oireachtas na Gaeilge a bhuail sé le go leor de mhuintir Rath Cairn; clann Chóil Neaine Pháidín ⁊ daoine eile.
Luann Máirtín muintir Chóil Bháille — Jimí Chóil Bháille ⁊ Pádraic Chóil Bháille — a d’aistrigh go Rath Cairn is a rinne go maith dóibh féin ann. Bhí uachtarlann acu. Chuile uair a thagaidís aníos [go Conamara] sna seachtóidí, thagaidís ar cuairt ag máthair Mháirtín. Is nuair a chuaigh Máirtín go Rath Cairn den chéad uair i 1979 dúirt a mháthair leis pé ar bith rud a dhéanfadh sé, caithfeadh sé dul ar cuairt ar thigh Chóil Bháille. Ní dheachaigh sé ann Dé hAoine is ní dheacaigh sé ann Dé Sathairn is bhí am lóin Dé Domhanigh tagtha agus thuig sé go gcaithfeadh sé seasamh ann. Chonaic Máirtín uaidh Seán ’ Craith — athair Phádraic Mhic Craith a bhíodh ag obair thíos [le deimhniú] — taobh amuigh de [le deimhniú]. Fear as Leitir Calaidh ab ea Seán. Chuaigh sé síos go Rath Cairn i 1935 is chaith am i Sasana. [Is ann a bhuail Máirtín leis.] D’fhiafraigh Máirtín de Sheán cén áit a bhfuil tigh Chóil Báille. Is é an treoir a thug Seán dó: Coinnigh ort síos díreach an bóthar seo go dtí deireadh an bhóthair. Nuair a bheas tú thíos ag deireadh an bhóthair, cas ar thaobh na láimhe clé. Agus an chéad teach a fheicfeas tú a bhfuil cuma an airgid air, gabh isteach ansin!
Mionsonraí an taifeadta
- Dáta an taifeadta: .
- Suíomh an taifeadta: Tigh Mhichael Jack, Eanach Mheáin, Conamara, Contae na Gaillimhe, Éire.
- Fad an taifeadta: .
- Scannánaíocht ⁊ eagarthóireacht: Míċeál Ó Loċlainn.
