Míċeál Ó Loċlainn a chuir in eagar ⁊ a scríobh na nótaí.
Céadfoilsithe: .
Mary Canavan Greene
De bhunadh na hAirde Thoir agus duine den mhuintir í Mary Canavan Greene as Boston, Massachusetts, SAM. Iníon í le Tom Fheichín Ó Ceannabháin (deartháir le Feist) is le Kate Nee as Ros Muc.
’Sí Mary a thaifead na físeáin uilig atá sa rannóg seo den chartlann, mar aon leis na cinn a rinne sí i lár na 1980idí d’Fhéile na nOileán.
Nárbh í an ceannródaí í? Agus na taifeadtaí seo á ndéanamh aici, ní raibh an Betamovie BMC‑100/110, an chéad cheamthaifeadán de ghrád tomhaltóra a déanadh riamh, sé bliana ar an bhfód.
Ní beag an chomaoin a chuir sí orainn; ní hamháin ar chomhluadar na cartlainne seo ach ar chomhluadar na Gaeilge ⁊ an cheoil ghaelaigh trí chéile. Tá áthas orainn a bheith in ann na taifeadtaí stairiúla a rinne sí beagnach dhá scór bliain ó shin a chur os comhair an phobail anois.
Sheol sí a cuid beannachtaí chugainn sa bhfíseán seo seachtain roimh sheoladh foirmeálta na cartlainne agus seolann muide ár mbeannachtaí féin siar chuici. Go bhfága Dia ’n tsláinte agat a Mhary!
FLorian Hall
Bialann ⁊ ionad fáilteachais é Florian Hall atá i gceantar Dorchester i mBoston. I 1965 a osclaíodh é.
Cé nach luaitear ar chlár foirmeálta A Taste of Connemara é, chas na fir ann tráth ar thóg Mary na físeáin seo.

Físeán 1
Mícheál Mháire Ghabha ar an mileodean:
The Swallow’s Tail ⁊ Miss Mc Loud.
Michael ar an mbosca ceoil:
An Rógaire Dubh ⁊ The Rambling Pitchfork.
Mícheál ag gabháil fhoinn:
Johnny Seoighe.
Mícheál ⁊ na fir ag portaireacht:
Colliers.
Físeán 2
Páraic Tom Photch ar an mbosca ceoil:
Johnny, Will You Marry Me?
Cuid den chomhluadar ar an urlár i mbun damhsa beirte.
Físeán 3
Iarratas ar leith ó Kate Corbett!
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil: Colliers ⁊ Miss Mc Leod.
Físeán 4
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil:
[le deimhniú]: The Swallow’s Tail nó Miss Mc Leod, b’fhéidir? Tá beirt bhan amuigh ag damhsa dó ar aon chaoi!
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil:
Miss Mc Leod. Fear ⁊ bean — Joe Lydon ⁊ Delia [?] is cosúil — ag damhsa.
Físeán 5
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil ag casadh valsaí:
An chéad válsa: Tá a ainm [le deimhniú] ach is é an chéad tiún a mhúineadh Michael Mháire Ghabha dá chlann nuair a bhíodar ag foghlaim an bhosca cheoil.
An dara válsa The Wild Colonial Boy.
An tríú valsa: [le deimhniú].
An cheathrú válsa: Nóirín Bán.
An cúigiú válsa: [le deimhniú].
An séú válsa: The Galway Shawl.
An seachtú válsa: [le deimhniú], ach is é an tríú ceann arís.
Téann cuid den chomhluadar amach ag damhsa — Páraic Tom Photch ⁊ Johnny Mháirtín Learaí ina measc.
Físeán 6
Páraic TomPhotch ar an mbosca ceoil:
(Ní fheictear sa bhfísean é ach aithníonn Caitríona Mháire Ghabha a stíl.)
The Sally Gardens.
Cailin anaithnid ag damhsa.
Físeán 7
Iarratas ar leith — half set.
(Feictear cuid den chomhluadar ag damhsa i gcuid den fhíseán.)
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil:
The Irish Washer Woman.
(Port.)
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil:
Joe Mháire Mhicilín ⁊ Conachtman’s Ramble.
(Ríleanna.)
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil:
The Irish Washer Woman, Father O’Flynn ⁊ Conachtman’s Ramble.
(Poirt.)
Feictear cuid den chomhluadar ag damhsa; Páraic Tom Photch ina measc.
Físeán 8
Páraic TomPhotch ar an mbosca ceoil:
(Níl ann ach cúpla soicind de. Ní fheictear sa bhfísean é ach aithníonn Caitríona Mháire Ghabha a stíl.)
Muirsheen Durkin.
Cuid den chomhluadar ag damhsa:
Michael Mháire Ghabha ag gabháil fhoinn:
An Seanduine Dóite.
Emerald Isle
Teach tábhairne ab ea an Emerald Isle, a bhíodh ag 1501 Ascaill Dorchester i gceantar Fields Corner i nDorchester. Is cosúil go bhfuil sé dúnta le roinnt blianta anuas.
Físeán 1
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil:
Colliers.
(Ríl.)
Michael Mháire Ghabha ar an mbosca ceoil:
The Swallow’s Tail.
Cuid den chomhluadar ag damhsa.
Físeán 2
Máirtín Tom Sheáinín ag gabháil fhoinn:
Véarsa ⁊ curfá amháin de Peigín Leitir Móir.
(Níl an chuid eile den amhrán sa taifeadadh.)
Michael Mháire Ghabha ⁊ Johnny Mháirtín Learaí ag gabháil fhoinn:
Óra Míle Grá.
(Lúibín.)
Físeán 3
Púcán Mhicil Pháidín á chasadh ag Martin Phadraic Bheartla Ó Conaire.
(Mac le Máire, iníon le Colm Ó Caodháin ab ea Martin, go ndéana Dia grást’ air.)
