Míċeál Ó Loċlainn a réitigh na tras-scríbhinní ⁊ a dhein taighde breise.
Céadfoilsithe: .
Paidir an Tobac
Tras-scríbhinn
Ó a Mhaighdean! Ní chuimhneoinn anois air!
Seacht lán Reilig Phádhraic,
Teampall Chríost,
Brat Bríde.
Agus trí oileán na Naomh.
Nár ba léi seamaire féir ag fás,
Ná planda gainnimh ar an trá,
Ná ribe gruaige ar do cheann,
Ná na gártha beannachtaí dílis Dé
A bheas le hanam na marbh.
Sin é anois, Paidir an Tobac […] Bhíodh, fadó, seandaoine dhá rá nuair a — seanmhná fadó nuair a dheargaidís píopa, an bhfuil fhios agat?, agus thugaidís do bhean chomharsan é a thiocfadh isteach, agus nuair a shíneadh sise an píopa ar ais, d’abraíodh sí an phaidir. Ach caitheadh […] ach caitheadh an phaidir sin, ach oiread le go leor paidreacha a ndeachaigh, caitheadh sa loinnir [?] iad. Ach, m’anam! go raibh siad agamsa ó mo mháthair mhór, mar go raibh chuile phaidir aici.
Mionsonraí an taifeadta
- Máire ’ Ghabha Uí Cheannabháin a dúirt.
- Angela Bourke a thaifead.
- I a taifeadadh.
Paidir th’ éis Béilí
Tras-scríbhinn
…na n‑abairtí. Buíochas a déaradh sí le Rí na Rann. Buíochas le chuile am le Dia.
Altú le Rí na Ríthe.
Ar a shon sin,
Ar shon a bhfuair muid ariamh,
Agus ar shon a bhfaighaidh muid go bhfaighaidh muid bás.
Bhéarfaidh muid moladh agus buíochas agus onóir agus altú leat a Rí na nGrást.
An Té a a thug an bheatha seo dár gcolainn,
Go dtuga Sé an lá s[h]íoraí dá n-anam i Ríocht na bhFlaitheas
Agus d’anam [d’anamnacha] uilig dár fhága an saol uainn.
Sin é anois — d’abraíodh sí an phaidir sin th’ éis a béilí.
Bhíodh na seandaoine naofa ach níl cuma ar bith ar na daoine atá anois ann. Déarfainn nach bhfuil siad naofa ar chor ar bith!
Mionsonraí an taifeadta
- Máire ’ Ghabha Uí Cheannabháin a thug uaiti.
- Angela Bourke a thaifead.
- I a taifeadadh.
Paidir ar Dhul Isteach i mBád
Tras-scríbhinn
Go mbeannaí Dia agus Colmcille isteach inti seo.
Agus deir siad bád ar bith… dá gcuirfeadh tú… dá ndéarfadh tú é sin air is tú ag dul isteach nach dtarlóidh aon bhlas di…
Bhíodh chuile dhuine dhá rá a chreid in san rud, an dtuigeann tú? Ach b’fhéidir dá ndéarfása é sin le daoine iniu gurb é an chaoi go dtosóidís ag gáirí fút. Is fíor dom… [Angela: Agus meas tú cén fáth Colmcille?] Níl fhios agam. [Angela: Colmcille, níl sé anois in aon bheannacht eile thart anseo…] Níl fhios agam anois, níor chuala mé é. Ach go gcuala mé iad á rá go minic. Agus istigh ar an oileán Máisean, sin istigh fadó anois. Bhíodh báid ag dul isteach is amach i gcónaí, na créatúir ann. Mar, Dé Domhnaigh fhéin, chathidís seanéadach a chaitheamh os cionn a gcuid éadaí nua a’ dul ag an aifreann. Bhí an t‑achar fada. Agus tá fhios agam nuair a bhídís ag dul amach is na báid sin, pé ar bith cé mbeidís a’ dul, bhídís a’ tabhairt isteach móna ó chéibh theach an phobail, dá dtabhairt isteach ar an oileán, ach chloisinn iad á rá go mbeannaí Dia ’gus Colmcille isteach inti seo
… Agus is dóigh gur fear farraige a bhí in Colmcille i nDomhnach. Caithfidh sé gurb ea. Caithfidh sé gurb ea.
Mionsonraí an taifeadta
- Máire ’ Ghabha Uí Cheannabháin a thug uaiti.
- Angela Bourke a thóg síos.
- bliain an taifeadta.

