Míċeál Ó Loċlainn a dhein taighde ⁊ a dhíolaim.
Céadfoilsithe: .
Forbhreithniú ar an turas go Boston
I mbliain a 1989 d’eagraigh Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar‑Chonnacht, turas go Boston sna Stáit Aontaithe chun an amhránaíocht ar an sean‑nós a chur chun cinn ann.
Thug sé leis ceathrar fear as Conamara a raibh togha na n‑amhrán ⁊ an cheoil acu: Michael Mháire Ghabha Ó Ceannabháin ⁊ Pádraic Tom Photch Ó Ceannabháin, nach maireann, agus Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ⁊ Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha.
Ón 29ú Meán Fómhair go dtí an 8ú Deireadh Fómhair thugadar seo camchuairt ar Dorchester, Pepperal, Lawrence ⁊ Lowell i Massachusetts, is ar Loudon i New Hampshire.
Sa rannóg seo den chartlann, aimseoidh tú samplaí roghnaithe de cháipéisíocht Chló Iar‑Chonnacht i dtaobh an turais, gearrthóga de chláir RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a raibh sé á phlé agus físeáin bhaile a taifeadadh le linn cuid de na ceolchoirmeacha.
Tá taifeadadh físe nua anseo leis. Sna físeáin seo, a deineadh i Mí an Mhárta 2026, roinneann Johnny, Máirtín agus Constance Patten, bean as Boston a thacaigh go mór leo i 1989, a gcuid cuimhní cinn ar an turas úd le Caitríona Mháire ’ Ghabha, iníon Mhichael.
