Míċeál Ó Loċlainn a dhíolaim ⁊ a dhein an tras-scríbhinn.
Céadfoilsithe: .
Comhrá
Go hachomair
Is clár comhrá é seo ina gcuirtear aoi nua faoi agallamh gach seachtain.
Cuid 1 den chlár
Cuireann Máirtín Michael i láthair agus iarrann air amhrán a rá mar thús. Chas Mícheál cúpla ceathrú de Bhean a’ Leanna [ldc].
Pléitear an chéad uair a chas Michael amhrán ar stáitse. Comórtas ag Feis Charna a bhí ann, bhí Michael timpeall dhá bhliain déag d’aois. Seo‑hín, Seo‑hó an chéad cheann a dúirt sé. Bhí cailín ar chomhaois leis páirteach sa gcomórtas céanna — Nóra Chiaráin Ní Shúilleabháin as Loch Con Aortha; an cailín a phós sé blianta ina dhiaidh sin! Ghnóthaigh Michael agus tháinig sise sa dara háit.
Níor chas sé arís léi go ceann dhá bhliana fichead, is naoi mbliana acu sin caite aige i Sasana. Bhí beithigh ag a dheartháir i Muighnis, is ceann acu i dtinneas lao. Bhí Michael ag tabhairt aire dhi. Thug sé uaithi an lao agus nuair a bhí sé ag teacht anoir, thar thigh Johnny Mc Kiernan, nár tháinig Nóra is cara léi ina choinne, agus rothair acu? Stop Nóra é is d’iarr air an slabhra a chur ar ais ar an rothar — ach ní raibh sé caite uaithi. Ag iarraidh comhrá a thosú leis a bhí sí.
Pléann siad clann Mhichael ansin. Deir Michael go bhfuil aon duine dhéag acu ann, go bhfuil ceol acu uilig, go bhfuil siad beo beathaitheach is go bhfuil siad ag obair.
Fiafraíonn Máirtín de an fearr leis a bheith ag obair nó ag ceol. Deir Michael gurbh fhearr leis a bheith ag ceol, ach níob fhearr fós dá mbeadh sé ag íoc. Luann Michael seanbhuachaillí a bhí ar shlí na fírinne faoi sin is a mbíodh sé ag casadh ceoil le cuid acu siar san aimsir siar: Pádraic Choilmín Sáiltín [ldc], Máirtín [ldc], na Cualáin, Maidhcí Berry agus Séamus Sheáin a’ Bhille [ldc.]
Deir Michael go mbíodh sé ag casadh i dtithe ceoil agus i Halla Charna [a bhíodh in aice le Séipéal Mhuire ar an gcladach] agus go mbíodh sé ag casadh ag na timeanna.
Luann Máirtín nach dtagann lá breithe Mhichael ach chuile cheithre bliana.
Fiafraíonn Máirtín de cén fáth go bhfuil an oiread sin cáil ar an Aird Thoir agus an amhlaidh go mbíodh siad ag ceol lá agus oíche? Deir Michael go mbíodh agus go mbíonn i gcónaí; istigh is amuigh. Luann sé Paul, mac leis, a bhí ag iarraidh sean‑mhileoidean Mhichael a chasadh nuair a bhí sé an‑óg — agus faitíos ar Mhichael go strachadh sé ó chéile é. Fiafraíonn Máirtín de ansin cé a cheannaigh an mileoidean sin dó. Deartháir dó a bhí ar an mbeet thall i Sasana a deir Michael. Thall a ceannaíodh é. É féin a d’fhoghlaim é féin uirthi. Is amhlaidh a bhí i gcás a mhic Josie, leis, a bhí á ‘stróiceadh ó chéile’ nuair a bhí sé cúig bhliana d’aois.
Luann Michael a chlann cheolmhar arís: Paul ⁊ Michael ar an ngiotár is ar an gcairdín agus Caitríona ar an méarchlár is ag gabháil fhoinn.
Fiafraíonn Máirtín de cén chaoi a mbeadh sé mara mbeadh ceol ina shaol? Deir Michael nach mbeadh cuma ná caoi air. Ceol, amhrán agus pórtar a theastaíonn uaidh; portar d’fhonn an píobán a fhliuchadh sara ngabhann sé ag ceol is ag gabháil fhoinn — ach gan é a fhliuchadh an iomarca mar beidh tú ag rá rudaí aisteacha
!
Deir sé go raibh sé sé bliana déag nuair a thaosc sé a chéad deoch pórtair. I dtigh Phádraic Rua a bhí sé. Teach tábhairne é sin nach bhfuil ann a thuilleadh ach a bhí ar chrosbhóthar atá timpeall ar dhá mhíle amach ón teach. Buidéal Guinness a d’ól sé. Naoi bpingin a bhí air. [Sean-airgead é seo: 9d.] Deir sé nach raibh poitín sa teach acu — bhí a ndóthain le déanamh acu, coinneáil ag imeacht
. Ach bhí blas álainn ar an gcéad bhuidéal pórtair sin — ba gheall le bainne ramhar é
. Bhí a mháthair, Máire Ghabha, ar buille leis nuair a tháinig sé abhaile!
Cuireann Máirtín deireadh le Cuid 1 agus deir go pléifidh siad Máire tar éis na bhfógraí.
Cuid 2 den chlár
Luann Máirtín an phortaireacht bhéil is a láidre is atá sí i ar an taobh sin acu. Deir Michael go gcuimhneoidh sé go brách is go deo ar a dheartháir [ldc] i sean-chliabhhán adhmaid, is a mháthair taobh leis, is í ag cniotáil is ag rá Seo‑hín, Seo‑hó leis. Ina dhiaidh sin, bhíodh sí ag cur síos tine, is í ag gabháil fhoinn, is thosaíodh sí ar phortaireacht bhéil. Ag an bpoínte sin, iarrann Máirtín air portaireacht a dhéanamh; rud a dhéanann sé.
Ina dhiaidh sin, fiafraíonn Máirtín de arbh é athair Mháire a bhí ina ghabha. Deir Michael nárbh ea ach gur athair mór a hathar a bhí ina ghabha. Ní raibh sé san Aird Thoir agus ní chuirfeadh sé tairne i stól! Deir sé nár chuimhnigh éinne de shliocht an ghabha ar dhul le gaibhhneacht is gurbh fhearr leis féin a bheith ag baint leis an talamh is ag baint fheamainne; cé go bhfuil sé róshean anois.
Thaithin obair an chladaigh leis agus mhairfeadh sé go brách uirthi; ag baint chlimíní is ag díol fheamainne.
D’úsáid sé feamainn mar leasú. Bhíodh a line aige ag socrú iomarachaí agus bhíodh trí troithe san iomaire an t‑am sin acu ach níl tada anois ann. Trash
anois a gheobhaidh tú le n‑ithe a deir sé: chips agus lios‑áine
[lasagne]! Tá an ghráin aige ar chips a deir sé; fata baile ab fhearr leis.
Luann Máirtín paidreacha, is go mbíodh go leor, leor acu ag Máire Ghabha. Deir Michael go bhfuil cúpla ceann aige féin. Deir sé go mbíodh Máire ag caint ar Scaball na Maighdine Muire is go gcaitheann sé féin é; is go bhfuil sé á chaitheamh faoi láthair.
Deir sé go mbíodh Máire ag gleo léi i gcónaí agus gurbh í an phaidir is tábhachtaí a fuair sé uaithi, an ceann is tábhachtaí uilig dár leis, ná paidir roimh dhul a chodladh:
Faoi bhrat na Maighdine Muire go raibh an teach seo agus a bhfuil ann go lá.
Bhíodh Máire ag tabhairt amach dó go dtí gur fhoghlaim sé ceart í!
Ceann eile a bhíodh aici:
Go mbeannaí Dia dhuit a chrois,
A bhuinneán díreach, deas,
A crann a chéas Críost deas.
Luathraigh do chosa an aifrinn,
Luathraigh do mhéar ar shlabhra an anama,
Oscail a chroí agus lig as a ghangaide.
Tá cheithre posta ar mo leaba,
Cheithre aingle orthu scartha.
Má fhaighim bás anocht nó ar maidin,
I láthair Dé go raibh m’anam.
Agus ceann eile:
Trí paidreacha is seacht,
’ Chuir Muire dá mac,
’ Chuir Mícheál faoina scéith,
’ Chuir Bríd faoina brat,
Is a chuir Dia faoina neart.
Idir sinn agus olc,
Idir sinn agus náire shaolta,
Idir sinn agus bás bíge,
Idir sinn agus gach aon sprid ar bith eile arís go lá.
Fiafraíonn Máirtín de Mhichael an bhfuil sé naofa. Deir sé go neamh-bhalbh go bhfuil, is go ndeireann sé a chuid paidreacha maidin agus tráthnóna. Tá pictiúir acu d’Íosa Críost, a fuair sé ón gclochar i gCarna. Tairiscíodh €2,000 dó mar gheall ar an bhfráma a bhí air ach níor dhíoladar é.
Iarrann Máirtín air breith ar an mbosca ceoil and cúpla ríl a chasadh. Luann sé gur ríleanna is fearr leis a bheith a casadh. Casann Michael an Swallow’s Tail.
Nuair a bhíonn an dá ríl casta aige, gabhann Máirtín buíochas le Michael agus cuireann deireadh leis an gclár.
Mionsonraí an chláir
- Ainm na sraithe: Comhrá.
- Teideal an chláir: Michael Mháire Ghabha Ó Ceannabháin.
- Uimhir shraithe/chláir: Sraith 1, Clár 23.
- Láithreoir: Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha.
- Dáta an taifeadta: .
- Dáta an chéad chraolta: le deimhniú.
- Fad an chláir: .
Creidiúintí
- Físmheascóir: Tina Nic Cába.
- Fuaim: Mícheál Ó Floinn.
- Ceamraí: Seán de Brún.
- Dearthóir Soílse: Mícheál Ó Dubháin.
- Dearthóir Seite: Emma FitzPatrick.
- Graificí: Diarmuid Ó Ruiséal.
- Smidiú: Bridie Uí Churraoin.
- Stiúrthóir: Treasa Bhreathnach.
- Léirthóirí: Treasa Bhreathnach ⁊ Deirdre Ní Choistín.
- Buíochas: Raidió na Gaeltachta.
- Áiseanna: TG4.
- Léiriú de chuid: TG4.
Gabhann Muintir Mháire Ghabha buíochas le TG4 as ucht cead an clár seo a chur ar fáil anseo.
Ceol Charna
Go hachomair
Gearrthóg as clár faisnéise faoi cheol is faoi cheoltóirí Cheantar Charna in Iorras Aithneach. Muintir Mháire Ghabha ábhar na míre seo. Caitríona Mhichael Mháire Ghabha atá ag labhairt.
Tosaíonn an mhír le An Caisleán Gearr (bailithe ó Mharcus Mháire Ghabha Ó Ceannabháin i 1975) á rá ag Caitríona. Cuireann sí í féin in aithne agus luann a tuismitheoirí, Michael Mháire Ghabha ⁊ Nóra Chiaráin Ní Shúilleabháin as Loch Con Aortha.
Deir sí go raibh an t‑ádh lena clann gur éiríodar aníos san am go raibh laocha móra an cheoil ann — Máire Ghabha, a seanmháthair, ina measc. Deir sí gurbh iontach go deo an carachtar í Máire; go raibh bua na hamhránaíochta, an damhsa ar an sean‑nós agus na scéalaíochta aici. Bhí sí lán le haicsean.
Féachann sí ar roinnt seanghrianghraf agus taispeántar iad seo ar an scáileán as seo go deireadh na gearrthóige. Deir sí go gcuireann sé miongháire uirthi mar gheall ar a iontaí an carachtar a bhí ina hathair. Fear mór amhránaíocht ar an sean‑nós agus ceoil a bhí ann.
Seinntear gearrthóg físe de Mhichael, is é ag rá Shadhbh Ní Bhruinneala le linn Scoraíocht Charna ag Oireachtas na Gaeilge in 1982. Luann Caitríona gur ‘lon dubh’ ceann de na leasainmneacha a bhíodh air. Deir sí gur ó Mhichael a fuair an chlann na hamhráin ach gurbh í a máthair máistreas an tí. Amhránaí ab ea í féin agus bhíodh an bheirt acu ag gabháil fhoinn leo sa gcisteanach is iad ag réiteach an dinnéir. Cineál comhrá a bhíodh ann is bhíodh an‑chraic acu.
Seinntear gearrthóg físe de Dhara Bán Mac Donnchadha, is é ag rá Róisín Dubh. [Ní chuirtear ócáid an taifeadta sin in iúil don lucht féachana. Tá sé ina shuí ag cúntar theach tábhairne ach tá culaith trí phíosa air agus micreafón roimhe, rud a thugann le fios gur ócáid fhoirmeálta a bhí ann.] Deir Caitríona go mbíodh an‑chraic acu nuair a bhuailfeadh na comharsain béal dorais isteach agus ba gheall le huncail leo Dara. D’fhoghlaim siadr neart uaidh, go mór mór nuair a bhíodh sé féin agus Michael cois na tine: b’fhéidir go dtosódh duine acu amhrán is go gcríochnódh an duine eile é. Bhídís i gcónaí ag cíoradh na n‑amhrán, féachaint an bhféadfadh siad feabhas a chur orthu agus tacú lena gcoinneáil beo.
Mionsonraí an chláir
- Ainm na sraithe: n/bh.
- Teideal an chláir: Ceol Charna.
- Uimhir shraithe/chláir: n/bh.
- Láithreóir: n/bh.
- Dáta an taifeadta: .
- Dáta an chéad chraolta: .
- Fad an chláir: .
- Fad na gearrthóige: .
Creidiúintí
- Taighde: Áine Ní Chuaig.
- Cúntóir Léirithe: John Nee.
- Cuntasóir: Josephine Moriarty.
- Taifeadadh Fuaime: Mo Benison, Niall Clarke.
- Ceamradóirí Breise: Ray Mac Donnacha, Dónal Glackin.
- Cúntóir Eagarthóireachta: Josh Balfe.
- Meascadh Fuaime: Paul Rowland.
- Grádú: Mike Quinn, High Wire.
- Bainisteoir Léirithe: Mairéad Ní Thréinéir.
- Léiritheoir Feidhmiúcháin TG4: Mary Ellen Ní Chualáin.
- Stiúrthóirí Cruthaíocha Aniar: Niamh Ní Bhaoill, Seán Ó Cualáin.
- Stiúrthóir Fótoghrafaíochta: Tomás Mac Donnacha.
- Eagarthóir: Maitiú Ó Casaide.
- Léiritheoir Feidhmiúcháin Aniar: Seán Ó Cualáin.
- Léiritheoir: Áine Ní Chuaig.
- Stiúrthóir: Cathal Ó Cuaig.
- Léiriú de chuid: Aniar TV.
Gabhann Muintir Mháire Ghabha buíochas le hAniar TV ⁊ le TG4 as ucht cead an sliocht seo a chur ar fáil anseo.
Bláth
Go hachomair
Muintir Mháire Ghabha ábhar an chláir seo.
Trí seachtainí sular bhásaigh Máire Ghabha, beannacht Dé lena anam, a taifeadadh é.
Mionsonraí an chláir
- Ainm na sraithe: Bláth.
- Teideal an chláir: [le deimhniú].
- Uimhir shraithe/chláir: [le deimhniú].
- Láithreóir: Antaine Ó Fearracháin.
- Dáta(í) an taifeadta: [le deimhniú].
- Dáta an chéad chraolta: [le deimhniú].
- Fad ghearrthóg 1: .
- Fad ghearrthóg 2: .
Creidiúintí
- [le teacht]
Gabhann Muintir Mháire Ghabha buíochas le TG4 as ucht cead an sliocht seo a chur ar fáil anseo.
Ceol ón Chlann

Go hachomair
- [le teacht]
Mionsonraí an chláir
- Muintir Mháire Ghabha ábhar an chláir seo.
- Ainm na sraithe: Ceol ón Chlann.
- Teideal an chláir: Muintir Uí Cheannabháin.
- Uimhir shraithe/chláir: Sraith 4, Clár 3.
- Láithreóir: Antaine Ó Farracháin.
- Dáta(í) an taifeadta: [le deimhniú].
- Dáta an chéid chraolta: [le deimhniú].
- Fad an chláir: .
Creidiúintí
- [le teacht]
